Foilsithe ag: naionrai ar: 27/01/2012
Eolas ó Fhoras na Gaeilge:
Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) i mí Dheireadh Fómhair 2011, d’iarr an CATT ar Fhoras na Gaeilge comhairliúchán breise a chur i gcrích. Tá na téarmaí iarrtha ag an gCATT thíos:
a) Tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 sheachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na nDréachtscéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;
b) A chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na Dréachtscéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú;
c) An phunann Dréachtscéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;
Mar chuid den phróiseas tá i gceist ag Foras na Gaeilge:
1. An próiseas a fhógairt,
2. An Cháipéis Chomhairliúcháin a fhoilsiú,
3. An Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais a fhoilsiú,
4. Focasghrúpaí a reáchtáil, agus
5. Imeachtaí Poiblí Comhairliúcháin a reáchtáil. Reáchtálfar ceann de na hImeachtaí Poiblí Comhairliúcháin i ngach Cúige.
Fógrófar tuilleadh eolais faoin phróiseas agus na himeachtaí seo ar shuíomh Ghréasáin Foras na Gaeilge (www.gaeilge.ie) agus sna meáin.
Tá an cháipéis chomhairliúcháin féin agus cáipéis a bhaineann leis an Measúnacht Tionchair Chomhionannais ar an bpunann Dréachtscéimeanna le fáil ag na naisc thíos:
Doiciméad Comhairliúcháin Eanáir 2012
Spriocdháta: 2 Aibreán 2012.
**********************************
Ghlac Forbairt Naíonraí Teo. (FNT) páirt ghníomhach sa phróiseas go dáta, idir freastal ar chruinnithe agus seisiúin eolas, ullmhú aighneachtaí (ar fáil le híoslódáil anseo) agus teagmháil a choimeád leis an bhForas.
Is ball den Fhóram í FNT agus táimid ag comhoibriú le baill uilig an Fhóraim ar chur chuige tomhaiste, ciallmhar agus chun teacht ar thoradh dearfach a bheidh chun leasa na Gaeilge. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bhFóram agus ar amlíne an phróisis go dáta ag: www.gaelport.com/samhailnuamhaoinithe.
D’eisigh an Fóram agus Aontas Phobal na Gaeilge ráiteas le déanaí ar na buarthaí agus ar na dúshláin atá romhainn sa chomhthéacs reatha.
Beidh FNT ag ullmhú aighneacht eile don tréimhse chomhairliúcháin reatha agus cuirfear an aighneacht ar shuíomh Ghréasáin FNT (www.naionrai.ie). Ba mhór againn bhur dtuairimí a fháil ar an tSamhail Nua Mhaoinithe agus moltaí eile i dtaobh chur chuige Fhoras na Gaeilge ar an gceist seo. Beidh FNT ag seoladh eolas breise chugaibh go luath ar an ábhar seo.

Baill FNT agus NNG ag cruinniú le Sinn Féin
Reáchtáil Sinn Féin cruinnithe le FNT agus le NNG an tseachtain seo, chun eolas a bhailiú faoin réimse luathbhlianta agus ar thuairim/mholtaí FNT/NNG ar an tSamhail Nua Mhaoinithe, agus iad ag ullmhú aighneachta ar ábhar na samhla agus cuí-chóiriú na hearnála deonaí Gaeilge. Bhuail toscaireacht ón dá eagras le baill Sinn Féin (Gearóid Ó hEara, Rosie McCorley, Marcas Mac Ruairí agus Trevor Ó Clochartaigh) i dTeach Laighean. I measc na pointí a rinneadh le Sinn Féin bhí:
Táimid ag lorg cruinnithe leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald T.D., agus le Teachtaí Dála Fhianna Fáil chun an cheist seo a chíoradh leo, ach go háirithe mar a bhaineann sé le hinbhuanaitheacht na naíonraí agus le seirbhísí luathbhlianta den scoth a sholáthar do theaghlaigh trí mheán na Gaeilge.
Foilsithe ag: naionrai ar: 20/01/2012
Tá Bliain Nua na Síneach, Bliain an Dragain, ag tosnú i mbliana ar an 23 Eanáir. Beidh féile ar siúl don chúigiú bliain as a chéile i mBaile Átha Cliath idir an 20 Eanáir – 3 Feabhra le ceiliúradh a dhéanamh ar theacht na bliana nua.
Beidh raon leathan imeachtaí ar siúl do gach aois grúpa, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na féile do liosta iomlán na n-imeachtaí. Tá clár maith leagtha amach do pháistí idir cheardlanna ceardaíochta, scéalaíochta, rince agus eile. Seo thíos cúpla ceann díobh:
Ceardlann laindéir sa Hugh Lane, B.Á.C.
Dé Sathairn, 21 Eanáir 2012, 3.00-4.00i.n.
Ceardlann do leanaí idir 3-6 bliana ina ndéanfar laindéir Síneacha. Ghlaoigh ar (01) 222 5564 le spás a chur in áirithint.
Ceardlanna sna leabharlanna
19 Eanáir – 1 Feabhra 2012
Is gá áirithintí a dhéanamh do na ceardlanna seo.
Scéalta Síneacha agus ceardaíocht don bhliain nua
Ealaíon agus ceardaíocht do Bhliain Nua na Síneach
Foilsithe ag: naionrai ar: 13/01/2012
Sraith de 4 chlár faisnéise atá i nDúshlán a chraolfar ar TG4 gach oíche Luain i mí Eanáir. Leanann an chéad chlár an Sáirsint Séamus Ó Fianghusa as Nua Eabhrac a bhfuil Gaeilge aige agus atá ar dualgas san Afganastáin le harm Mheiriceá. Leantar é agus é ag dul ó Nua Eabhrac go Béal Feirste, Dún na nGall agus ar aghaidh chuig an Afganastáin.
Dar le Séamus, ba mhaith leis go mbeadh rath ar an tsraith seo mar go mbreathnaíonn sé ar an teanga agus cultúr Gaeilge ar bhealach neamhthraidisiúnta.
Craoladh an clár seo ar an 9 Eanáir, ach tá sé fós ar fáil ar líne ar an TG4 Player.
Tuilleadh eolais faoin gclár anseo.
Foilsithe ag: naionrai ar: 06/01/2012
Alt suimiúil san Irish Times le cúpla leid tuismitheoireachta curtha le chéile ag daoine a oibríonn le tuismitheoirí.
Tá idir smaointe faoi conas níos mó ama a chaitheamh le do pháistí agus le do chéile, conas déileáil le fadhbanna iompraíochta agus an tábhacht a bhaineann le ham a chur ar leataobh duit féin.
Léigh an t-alt anseo.
Foilsithe ag: naionrai ar: 30/12/2011
Leabhar nua dátheangach scríofa ag Catherine Sheridan. Seo an chéad leabhar atá foilsithe ag Catherine, atá ina sheanmháthair 75 bliana d’aois!
Léigh tuilleadh faoi Catherine agus an leabhar nua anseo.
Foilsithe ag: naionrai ar: 16/12/2011
Seo nasc chuig roinnt carúil Nollag agus an t-aistriúchán Gaeilge atá orthu.
Foilsithe ag: naionrai ar: 09/12/2011
Tá séasúr na Nollag buailte linn arís agus tá na hullmhúcháin faoi lán seoil – litreacha á scríobh chuig Daidí na Nollag, an crann agus na maisiúcháin á gcur suas, siopadóireacht, bualadh le clann agus cairde agus mórán eile.
Tá roinnt smaointí anseo agus anseo do cheardaíocht gur féidir le páistí tabhairt faoi sa Naíonra agus sa teach le cabhrú leis na hullmhúcháin. Tá cúpla ceardlann ar siúl sna leabharlanna i mBaile Átha Cliath i rith na seachtainí roimh Nollaig agus tá liosta imeachtaí gur féidir leis an gclann go léir freastal orthu i rith na Nollag ar fáil anseo agus anseo.
De ghnáth, bíonn an-chuid ar siúl roimh Nollaig, ach bíonn sé níos deacra na páistí a choinneáil gnóthach ó Lá Fhéile Stiofáin go dtí go dtéann siad ar ais chuig an Naíonra nó an scoil. Má bhíonn do pháistí lán le fuinneamh thar an tréimhse seo, féach ar an liosta de champaí samhraidh a chuirtear ar siúl timpeall na tíre.
Foilsithe ag: naionrai ar: 02/12/2011
Rinneadh taighde i 2010 ar léitheoireacht Bhéarla agus ar mhatamaitic i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. De réir an taighde, tá daltaí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta ó thaobh caighdeán léitheoireachta sa Bhéarla agus ó thaobh cumas matamaitice de. Is féidir an tuairisc a íoslódáil anseo.
Seo an dara tuairisc a d’fhoilsíodh le déanaí ar ábhar an dátheangachas agus cumas matamaitice in Éirinn. D’fhoilsigh an NCE-MSTL tuairisc le déanaí atá bunaithe ar thaighde dochtúireachta ar an ábhar seo. Tá an tuairisc ar fáil le híoslódáil anseo.
Foilsithe ag: naionrai ar: 25/11/2011
D’fhógraíodh le seachtain anuas go ndúnfar Oifig an Choimisinéara Teanga. Tagann an cinneadh salach ar ghealltanais an Rialtais maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Cuirfear deireadh leis an Oifig mar atá sé anois, agus cuirfear feidhmeanna na hOifige faoi Oifig an tOmbudsman. Dar leis an Rialtas, rinne an cinneadh seo ar mhaithe le hairgead a shábháil mar chuid den athchóiriú ar an gcóras poiblí, ach ní féidir leis an Rialtas a rá cé mhéad airgead a bheidh á shábháil tríd an oifig a dhúnadh…