Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Ag Ceiliúradh Cultúir Éagsúla sna Naíonraí

Posted by: naionrai on: 08/07/2009

Ryan Leong ón tSín, Oisín Casey & Clíona Rock ó Vítneam ag ceiliúradh Athbhliain na Síne i mBliana.

Ryan Leong ón tSín, Oisín Casey & Clíona Rock ó Vítneam ag ceiliúradh Athbhliain na Síne i mBliana.

Tháinig mé ar an t-alt seo agus an pictiúr thuas ó Youghalonline.ie agus mé ag cuardach ar líne.

Ceapaim gur léiriú mhaith í an meas a dtugtar do chultúr, idir ár gcultúr dúchasach féin agus cultúr na hÉireannaigh nua sna Naíonraí (agus sna gaelscoileanna & gaelcholáistí).

Tá bileoga ilteangacha ullmhaithe faoin scéim ag Gaelscolaíocht Éireann ina raibh Forbairt Naíonraí Teoranta rannpháirteach maraon le GAELSCOILEANNA TEO., Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Comhluadar.

Tá alt ag an Dr. Réamaí Mathers, a bhí le hIontaobhas na Gaelscolaíochta (ach atá anois ar ais le Comhairle na Gaelscolaíochta), san Irish News faoi na bileoga ilteangacha nua. Léigh anseo é.

Tá leagan pdf de na bileoga chuí ar fáil ar shuíomh reatha idirlíon GAELSCOILEANNA TEO. anseo.

Leave a Reply

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Twitter Updates