Foilsithe ag: naionrai ar: 27/01/2012
Eolas ó Fhoras na Gaeilge:
Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) i mí Dheireadh Fómhair 2011, d’iarr an CATT ar Fhoras na Gaeilge comhairliúchán breise a chur i gcrích. Tá na téarmaí iarrtha ag an gCATT thíos:
a) Tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 sheachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na nDréachtscéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;
b) A chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na Dréachtscéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú;
c) An phunann Dréachtscéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;
Mar chuid den phróiseas tá i gceist ag Foras na Gaeilge:
1. An próiseas a fhógairt,
2. An Cháipéis Chomhairliúcháin a fhoilsiú,
3. An Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais a fhoilsiú,
4. Focasghrúpaí a reáchtáil, agus
5. Imeachtaí Poiblí Comhairliúcháin a reáchtáil. Reáchtálfar ceann de na hImeachtaí Poiblí Comhairliúcháin i ngach Cúige.
Fógrófar tuilleadh eolais faoin phróiseas agus na himeachtaí seo ar shuíomh Ghréasáin Foras na Gaeilge (www.gaeilge.ie) agus sna meáin.
Tá an cháipéis chomhairliúcháin féin agus cáipéis a bhaineann leis an Measúnacht Tionchair Chomhionannais ar an bpunann Dréachtscéimeanna le fáil ag na naisc thíos:
Doiciméad Comhairliúcháin Eanáir 2012
Spriocdháta: 2 Aibreán 2012.
**********************************
Ghlac Forbairt Naíonraí Teo. (FNT) páirt ghníomhach sa phróiseas go dáta, idir freastal ar chruinnithe agus seisiúin eolas, ullmhú aighneachtaí (ar fáil le híoslódáil anseo) agus teagmháil a choimeád leis an bhForas.
Is ball den Fhóram í FNT agus táimid ag comhoibriú le baill uilig an Fhóraim ar chur chuige tomhaiste, ciallmhar agus chun teacht ar thoradh dearfach a bheidh chun leasa na Gaeilge. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bhFóram agus ar amlíne an phróisis go dáta ag: www.gaelport.com/samhailnuamhaoinithe.
D’eisigh an Fóram agus Aontas Phobal na Gaeilge ráiteas le déanaí ar na buarthaí agus ar na dúshláin atá romhainn sa chomhthéacs reatha.
Beidh FNT ag ullmhú aighneacht eile don tréimhse chomhairliúcháin reatha agus cuirfear an aighneacht ar shuíomh Ghréasáin FNT (www.naionrai.ie). Ba mhór againn bhur dtuairimí a fháil ar an tSamhail Nua Mhaoinithe agus moltaí eile i dtaobh chur chuige Fhoras na Gaeilge ar an gceist seo. Beidh FNT ag seoladh eolas breise chugaibh go luath ar an ábhar seo.

Baill FNT agus NNG ag cruinniú le Sinn Féin
Reáchtáil Sinn Féin cruinnithe le FNT agus le NNG an tseachtain seo, chun eolas a bhailiú faoin réimse luathbhlianta agus ar thuairim/mholtaí FNT/NNG ar an tSamhail Nua Mhaoinithe, agus iad ag ullmhú aighneachta ar ábhar na samhla agus cuí-chóiriú na hearnála deonaí Gaeilge. Bhuail toscaireacht ón dá eagras le baill Sinn Féin (Gearóid Ó hEara, Rosie McCorley, Marcas Mac Ruairí agus Trevor Ó Clochartaigh) i dTeach Laighean. I measc na pointí a rinneadh le Sinn Féin bhí:
Táimid ag lorg cruinnithe leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald T.D., agus le Teachtaí Dála Fhianna Fáil chun an cheist seo a chíoradh leo, ach go háirithe mar a bhaineann sé le hinbhuanaitheacht na naíonraí agus le seirbhísí luathbhlianta den scoth a sholáthar do theaghlaigh trí mheán na Gaeilge.