Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Tá an tAire Oideachais Ruairí Quinn chun €40,000 a chur ar fáil chun sa dóigh is gur féidir seisiúin traenála frith-bhulaíochta a reáchtáil do thuismitheoirí. Déanfar cothrom le 70 rang a reáchtáil ag baint úsáide as an mhaoiniú seo. Is iad an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Bunbhrainse) agus an an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iar-bhunoideachais) a dhéanfaidh na cúrsaí seo a sheachadadh.

Forbraíodh an tionscnamh nua seo chun tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta ar Bhulaíocht, plean a éilíonn traenáil agus acmhainní a bheith curtha ar fáil do thuismitheoirí agus do bhoird bhainistíochta.

D’fháiltigh Áine Lynch, príomhoifigeach Bhunbhrainse na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí roimh scéal an mhaoinithe,

“Tá ról ríthábhachtach ag tuismitheoirí i dtacú lena bpáistí agus leis an scoil áitiúil, agus tabharfaidh an infheistíocht seo sna tuismitheoirí deis dóibh an ról sin a chomhlíonadh ar bhealach níos feasaí.  Molann muid go mór do thuismitheoirí leanaí bunscoile agus iarbhunscoile freastal ar an traenáil agus tacú lena bpáistí agus scoileanna dul i ngleic leis an mbulaíocht,” a dúirt sí.

Chuir an tAire leis an mhéid seo a rá gur gá dul i ngleic leis an mbulaíocht ag gach leibhéal.

“Ní fadhb í an bhulaíocht ar féidir le scoileanna dul i ngleic léi leo féin. Tá ról tábhachtach le himirt ag tuismitheoirí, ag teaghlaigh agus ag an mórphobal i ndul i ngleic leis an mbulaíocht, agus i dteagasc leanaí maidir le conas caidrimh a bhainistiú, conas bheith athléimneach agus conas bá a léiriú le daoine eile.”

An bunscéal ar fáil anseo: http://www.thejournal.ie/anti-bullying-parents-course-1084398-Sep2013/

 

Advertisements

Maíonn an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí go dtéann an bualadh i bhfeidhm ar fhéinmheas leanaí agus go gcruthaíonn sé gá le smacht níos dáiríre. Mar gheall air sin tá cosc iomlán ar bhualadh leanaí á éileamh ag an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí. Sonraíonn dlí na hÉireann go bhfuil rogha ag tuismitheoirí maidir le pionós measartha nó réasúnta na roghnú dá bpáistí. Tá go leor scríofa ag grúpaí leanaí éagsúla chuig Comhairle na hEorpa a chuireann faoi deara gur sárú cearta leanaí  é an rogha atá ag tuismitheoirí maidir le pionós réasúnta a roghnú. Thug Tanya Ward, príomhoifigeach na Comhghuaillíochta um Chearta Leanaí gur ionann bualadh leanaí mar phionós agus sárú a gcearta. Bunscéal ar fáil anseo: http://www.newstalk.ie/AUDIO:-Smacking-children-causes-deviant-behaviour–rights-group

Léiríonn torthaí shuirbhé de chuid TheJournal.ie ar an ábhar ag dáta scríofa an ailt seo (16/9/2013) nach dtacaíonn ach 13% dóibh siúd a chaith vóta le cosc iomlán ar bhualadh leanaí. Chreid 48% de vótálaithe go gcreideann siad nár chóir cosc a chur ar bhualadh agus ní raibh 13% de vótálaithe cinnte. Is féidir do vóta féin a chaitheamh ar an ábhar anseo: http://www.thejournal.ie/poll-smacking-children-1064811-Sep2013/?utm_source=facebook_short

Tá sé ráite ag os cionn cead saineolaí idir múinteoirí, scríbhneoirí agus scoláirí go bhfuil polasaithe luathoideachais Rialtas Shasana ag déanamh dochair do shláinte agus do leas leanaí. Dar leo, is tairbhiúla i bhfad do leanaí a bheith ag foghlaim trí mhodh an tsúgartha – an modh foghlama atá in úsáid i naíonraí na tíre seo.

Tá na speisialltóirí oideachais seo i ndiaidh litir a scríobh chuig an rúnaí stáit thall, Michael Gove, ag éileamh go dtugtar deis do leanaí bheith ag foghlaim trí shúgradh seachas trí bheith ag ullmhú le haghaidh ceachtanna foirmeálta ag an aois óg sin. Tá sé sonraithe sa litir nach dtacaíonn an taighde is déanaí ar an ábhar le múineadh foirmeálta don aoisghrúpa sin nó le tús a chur leis an tástáil ag aois óg. 

Ba iad an ghluaiseacht ‘Save Childhood‘  a rinne na socruithe maidir le scríobh an litir seo agus tá feachtas á sheoladh acu d’arb ainm ‘Too Much, To Soon’. Tá sraith athchóirithe á éileamh ag an ngrúpa seo agus teastaíonn sé uathu gur creatlach luathóige do réamhscoileanna bunaithe ar mhodh an tsúgartha, agus atá ‘oiriúnach ó thaobh forbartha de’, a bheas mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí.  Agus í ag déanamh tráchta ar an gceist seo bhí an méid seo a leanas le rá ag Wendy Ellyatt, stiúrthóir bunaithe na gluaiseachta,

“In ainneoin go dtugtar tús áite don fhoghlaim shóisialta agus mhothúchánach i 90% de thíortha an domhain agus nach gcuirtear tús leis an scolaíocht foirmeálta go dtí aois a sé nó a seacht, tá an chuma ar an scéal i Sasana go bhfuil muid thar a bheith tiomanta maidir le cloí leis an dtuairim earráideach seo gur ionann tosú níos luaithe agus torthaí níos fearr.”

Tuilleadh ar an scéal seo ar fáil anseo.

I bhfíseán na seachtaine seo I dtreo Curaclaim Comhtháite Teanga san Oideachas Luath-Óige agus sa Bhunoideachas, pléann an Dr. Pádraig Ó Duibhir, léachtóir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a chuid taighde ar an ábhar seo (príomhtheachtaireachtaí agus impleachtaí don chleachtas).  

Tháinig sé chun cinn sa taighde go raibh bealach níos éifeachtaí ann chun teangacha a mhúineadh (ó thaobh sealbhaithe de), trí aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar na cosúlachtaí agus ar na héagsúlachtaí idir an mháthair teanga agus an dara theanga, nuair a dhéantar seo i gcomhthéacs churaclam comhtháite teanga.

Éist leis an Dr. Pádraig Ó Duibhir ag plé an ábhair seo ach cliceáil anseo.

 

 

Comhdháil ar bhulaíocht agus ar shláinte leanaí eagraithe ag 'Growing Up Ireland'

Tá comhdháil ar bhulaíocht agus ar shláinte leanaí á reáchtáil ag ‘Growing Up in Ireland’ ar an gCéadaoin 11 Meán Fómhair i gColáiste na Trionóide, Baile Cliath. Is iad croíspriocanna na comhdhála ná taighde ar an mbulaíocht agus ar an tinneas ainsealach i measc páistí a chur i láthair. Is iad tuismitheoirí, cliniceoirí agus taighdeoirí ó eagraíochtaí neamhrialtasacha a bheas mar sprioclucht féachana ag an gcomhdháil.
Léachtóirí agus taighdeoirí ó ollscoileanna éagsúla in Éirinn a bheas mar aoi-chainteoirí na comhdhála. I measc na n-ábhar a bheas á bplé acu beidh deacrachtaí mothúchánacha agus iompraíochta, íomha choirp agus cúrsaí meácháin, dearcadh idirnáisiúnta ar an dtromaíocht agus cúram sláinte. Mairifdh an chomhdháil trí uair an chloig ar an iomlán.
Tá an chomhdháil seo á cur ar fáil saor in aisce ach clárú roimh an 5 Meán Fómhair. Clár na comhdhála, clárúchán agus eolas breise ar fáil anseo.

Le cúpla bliain anuas tá amhráin chomhaimseartha a aistriú ina Ghaeilge i gcoláiste samhraidh Choláiste Lurgan. Le cuidiú scoláirí na cúrsaí Gaeltachta déanann siad na hamhráin a thaibhléiriú agus físeáin cheoil a chur le chéile dóibh.

Cé go raibh an-mheas ar an sár-obair seo i gcónaí i measc phobal na Gaeilge, i measc Gaeilgeoirí óga go háirithe, tá an físeán is déanaí dá gcuid, a leagan Gaeilge de Wake Me Up le Aviccii (féach an físeán) i ndiaidh aitheantas domhanda a bhaint amach. Laistigh de sheachtain ónár foilsíodh an físeán ar Youtube den chéad uair chuaigh breis agus milliún duine ar fud na cruinne ag breathnú air agus éisteacht leis an leagan taitneamhach Gaeilge seo.
Tá amhránaí an bhunleagain (Avicci féin), fear a bhfuil clú domhanda bainte amach aige, i ndiaidh a rá go poiblí ar Twitter cé chomh mór is a thaitníonn leagan Choláiste Lurgan leis.

Is cinnte gur éacht eile é seo atá bainte amach ag Coláiste gur Lurgan leis an mhéid seo, agus gur dea-phoiblíocht an t-aitheantas seo ar úsáid bheo na teanga, ar an sár-obair a bhíonn ar siúl sna coláistí samhraidh, agus ar an spraoi a bhaineann leis an Ghaeilge. Is cinnte go bhféadfadh níos mó saothair den chineál seo go leor daoine, daoine íga go háirithe a mhealladh i dtreo na teanga. Is féidir saothar eile de chuid Choláiste Lurgan a fheiceáil ar chainéal YouTube s’acu (http://www.youtube.com/user/tglurgan?feature=watch).

Tá a fhios ag an domhan mór is a mháthair go bhfuil an-chuid buntáistí ag baint le húsáid fón cliste sa lá atá inniu ann. Seo ráite, is gá do thuismitheoirí agus d’fhostaithe naíonraí a bheith thar a bheith cúramach agus iad ag tógáil grianghraf de leanaí más rud é go bhfuil siad le cur ar líne. Go minic bíonn seirbhísí suímh (location services) casta air go huathoibríoch ar fhóin chliste i ngan fhios d’úinéirí, mar go mbíonn gá leo do léarscáileanna agus do ghnéithe eile den chineál sin. Mura bhfuil na seirbhísí suímh seo casta as do ghrianghraif agus go ndéanfar grianghraif a uaslódáil ar líne is féidir le beagnach gach duine an suíomh ina thógtar iad a fheiceáil. Is cinnte gur ceist slándála atá sa mhéid seo nuair is leanaí atá i gceist. Déantar cur síos ar an mhéid seo san fhíseán. Chun na seirbhísí suímh seo a chasadh as téigh isteach go dtí Settings/Privacy/Location Services agus múch Ceamara. Murach sin, beidh tú ag íoslódáil sonraí faoin áit ar tógadh do chuid ghrianghraif ar d’fhón póca mar shampla, do sheoladh baile, scoil/naíonra do pháistí, srl.

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 4 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 4 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 4 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 4 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 4 years ago