Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Eolas faoin Oifigeach Forbartha nua

Posted on: 29/06/2009

Seo a leanas alt a bhí ar Gaelport.com le déanaí ar cheapadh Oifigeach Forbartha na heagraíochta.

Ceapadh Seán Ó hAdhmaill le deireanaí mar Oifigeach Forbartha nua le Forbairt Naíonraí Teoranta.

Is as Béal Feirste ó dhúchais do Sheán agus bhog sé go dtí Baile Átha Cliath chun freastal ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim amach le FIONTAR.  Tar éis dó a chéim a bhaint amach, d’oibrigh an tUasal Ó hAdhmaill mar Oifigeach Forbartha leis an óg-eagraíocht Feachtas.  Chaith sé bliain ag feidhmiú mar Fheidhmeannach le Gaelscoileanna Teo. sular éirigh leis post an Oifigigh Forbartha a bhaint amach leis an eagraíocht chéanna. Bhí sé ag feidhmiú sa ról sin go dtí le déanaí.

Sa ról nua le Forbairt Naíonraí Teoranta, díreoidh sé ar thacaíocht a thabhairt do na Naíonraí, chomh maith le cabhrú le forbairt a dhéanamh ar an lion naíonraí agus seisiún i gcoitinne.  Beidh an tUasal Ó hAdhmaill mar phointe teagmhála do na Naíonraí agus iad ag plé le polasaí nua an Rialtais i leith bliain réamhscolaíochta saor in aisce.

Ar bhonn deonach tá Seán mar bhall de choiste stiúrtha Raidió Rí-Rá, mar bhall de Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge Teo.,  mar bhall de choiste stiúrtha RITH agus feidhmíonn sé mar Chathaoirleach ar Choiste Chontae Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge atá nuabhunaithe.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: