Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

FNT ag tumadh i linn na nua-theicneolaíochta

Posted on: 01/07/2009

Tá tús curtha againn san oifig le Forbairt Naíonraí Teoranta a thabhairt isteach sa mhílaois nua ó thaobh modhanna cumarsáide agus úsáid na teicneolaíochta de.

Le cúpla lá anuas bhunaigh muid an bhlag seo. Déanfar forbairt uirthi go leanúnach agus beidh eolas úsáideach agus tábhachtach d’earnáil na réamhscolaíochta Lán-Ghaeilge/naíscolaíochta le feiceáil anseo.

Bhunaigh muid cuntas Facebook le dá lá anuas “Forbairt Naíonraí Teoranta” ainm an chuntais má tá spéis agaibh cairdeas a dhéanamh linn.

Bhunaigh muid cuntas Twitter chomh maith chun léiriú do dhaoine céard a bhíonn ar siúl againn ar bhonn laethúil. Tá muid ar fáil ag http://twitter.com/Naionrai

Amach anseo tá súil againn go mbeidh muid ábalta líonadh foirmeacha ballraíochta, srl a ofráil ar líne agus cur leis an méid atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin www.naionrai.ie

Tá seirbhís téacs saor in aisce ar fáil do Stiúrthóirí Naíonraí cheana féin ach é a lorg. Ní gá ach d’ainm, ainm an naíonra agus do sheoladh ríomhphost chuig 086 0403717.

Tá DVD bolscaireachta ar fáil saor in aisce ón oifig do naíonraí nó do dhaoine/grúpaí atá ag iarraidh naíonra nua a bhunú nó cur leis an líon seisiúin nó seirbhísí cúraim leanaí a ofrálann siad. Breis eolais ar fáil ó Sheáin ag eolas [@] naionrai.ie

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: