Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Bliain Réamhscoile Saor in Aisce: ECCE

Posted on: 02/07/2009

Tá Seán, an tOifigeach Forbartha nua ag glaoigh ar na Naíonraí ar fad le coicís anuas chun iad a chur ar an eolas faoin scéim nua – Bliain Réamhscoile Saor in Aisce (ECCE a chuireann go leor de na Coistí Cúraim Leanaí air).

Fuair an chuid is mó de na stiúrthóirí Naíonraí an fhoirm iarratais [(An Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE)] tríd an phost ón Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige le déanaí.

Muna bhfuair tú (stiúrthóir naíonra) é agus muna bhfuil an fhoirm agat faoin am seo, tá sé ar fáil le híoslódáil anseo.

Is é Dé hAoine (seo chugainn) an 10 Iúil spriocdháta an fhoirm seo. Tá sé ríthábhachtach an fhoirm seo a líonadh isteach as Gaeilge agus á sheoladh nó a fhágáil isteach chuig oifig do Choiste Cúraim Leanaí faoin dáta sin.

Má tá deacracht agaibh le haon téarmaíocht nua is féidir brí na bhfocal a sheiceáil ag focal.ie

Is féidir teacht ar imlíne ar na téarmaí agus coinníolacha ginearálta na scéime anseo.

Ceist Coitianta:

“An leor Leibhéal 5 nó an mbeidh Leibhéal 6 sa chúrsa Cúraim Leanaí FETAC a bhaint amach ag stiúrthóirí?”

Tá ceist fós le soiléiriú maidir leis an gcáilíocht atá ag teastáil le haghaidh na scéime.

In ainneoin gur fhógair Moira Ó Mara, Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige nach mbeadh gá ach le Leibhéal 5, go dtí go bhfaigheann muid é seo i scríbhinn ní féidir bheith cinnte gur ionann an ráiteas sin agus polasaí an stáit.

Chuige sin, tá fiosruithe déanta ag Forbairt Naíonraí Teoranta chun an athrú polasaí seo a dhearbhú agus chomh luath agus atá freagra i scríbhinn faighte againn ó Oifig an Aire Leanaí, déanfar é a phoibliú (anseo).

__________

Mar eolas, tá leagan Gaeilge den eagrán is déanaí de nuachtlitir Coiste Cúraim Leanaí na Gaillimhe ar fáil anseo.

Tá Coiste seo le moladh as an tseirbhís Gaeilge a chuireann siad ar fáil ach ba chóir go mbeadh an seirbhís ard-chaighdeán céanna ar fáil do na Naíonraí ó chuile Choiste Cúraim Leanaí ach tiocfaidh muid ar ais chuig an cheist seo go luath.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: