Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

10 Iúil: Spriocdháta ag druidim linn

Posted on: 07/07/2009

Is lá tábhachtach an 10 Iúil domsa (Seán) ar trí fháthanna:

1. Mo bhreithlá a bhéas ann (toradh beag ar an gcomhoibriú idireagraíochta (GAELSCOILEANNA TEO. & FNT) ná gur eagraigh an dá fhoireann cáca mhilis agus tae mar ceiliúradh ar mo bhreithlá agus ar bhreithlá Áine, rúnaí le GAELSCOILEANNA TEO.)!

2. Buailfidh mé le Coiste na Naíonraí Gaelacha don chéad uair. Is cinnte go mbeidh neart le plé againn agus muid ag obair go dian chun tacaíocht cheart a chur ar fáil do na naíonraí agus d’fhorbairt na hearnála i gcoitinne.

3. An fáth is tábhachtaí daoibh siúd gur stiúrthóirí naíonraí sibh, ná is ionann an 10 Iúil agus spriocdháta le cur isteach ar an scéim Bliain Réamhscoile Saor in Aisce (ECCE). Is gá an leagan Gaeilge den fhoirm iarratais a seoladh isteach chuig an gCoiste Cúraim Leanaí (dá mba rud gur líonadh an leagan Béarla isteach mar bhotún is féidir an leagan Gaeilge a líonadh agus iarr ar an gCoiste Cúraim Leanaí neamhaird a dhéanamh den leagan Bhéarla). Tá an fhoirm chuí ar fáil anseo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: