Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Bord Snip Nua!

Posted on: 17/07/2009

De réir mar a léigh mé tríd tuairisc an Bord Snip Nua aréir tháinig scéal na trí mhuicín i mo cheann. Sa scéal sin, bhí trí mhuicín ann.

Thóg Dónal Muicín teacht beag tí.

Thóg  Colm Muicín teach beag adhmaid

Thóg Brian Muicín teach beag bríce.

Agus nuair a tháinig an Mac Tíre Gránna chuig an doras, shéid sé agus shéid sé an teach beag ceann tí agus leag sé é. Rinne sé amhlaidh leis an  teach adhmaid. Isteach leis na muicíní isteach sa teach bríce. Shéid an Mac Tíre agus shéid sé ach ní fhéadfadh sé an teach a leagadh.

Conas a chinntíonn muid go mbíonn na nithe atá ríthábhachtach dúinn mar Ghaeil (idir phobal na Gaeilge & pobal na Gaeltachta) do thodhchaí ár dteanga ársa, lonnaithe sa teach beag bríce?
1.    Is gá ar dtús báire a léiriú nach ndéanfaidh sábháiltí móra trí ionsaí a dhéanamh ar infreastruchtúr na Gaeltachta (cuid de na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste sa tír).
2.    Teacht ar shábháiltí laistigh agus lasmuigh d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta ullmhuithe ag Conradh na Gaeilge nó Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi ghnéithe caiteachais mí-éifeachtacha eile gur fearr a dhíriú uirthi.
3.    Caithfear chomh maith a léiriú go ndéanfaidh dochar d’athghiniúint an tsochaí agus don gheilleagar trí bhuille mharfach a thabhairt don Ghaeilge agus do phobal na Gaeltachta.
a.    Léirigh Fionnbarra Ó Brolcháin, ina leabhar Capitalising on Culture Competing of Difference an tábhacht leis an Ghaeilge, an cultúr agus an fhéiniúlacht le buntáiste inmharthana iomaíoch a chruthú.
b.    Léiríonn taighde Ó hAiniféin (2007) buntáistí an luath-thumoideachais iomlán don pháiste (a fhásfaidh suas ina oibrí amach anseo).
c.    Léiríonn an iliomad taighde an tOllamh Coin Baker amhlaidh faoin gcóras luath-thumoideachais iomlán, i bhfeidhm sna Naíonraí maraon leis na gaelscoileanna.
4.    Is gá chomh maith seasamh le chéile mar chomhghuaillíocht aontaithe, comhghuaillíocht a bhí/atá toilteanach ár sciar den phian a ghlacadh (rud atá déanta nach mór cheana) ach nach bhfuil toilteanach ár nGaeltachtaí a chaitheamh ar leataobh nó an bhun-infreastruchtúr atá leagtha síos agus bainte amach ag pobal na Gaeilge chun go gcinnteofar slánú na Gaeilge!

Moltaí an Bhord Snip Nua i leith na Gaeilge:

  • Deireadh le Roinn na Gaeltachta cibé rud fágtha roinnte idir Ranna eile ina measc an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (Lch 37, cliceáil ar 45).
  • Deireadh le COGG (níl ach duine amháin fágtha ag obair ar an gCúrsa Séideán Sí do ghaelscoileanna a chríochnú, mar atá) Lch. 26, cliceáil ar 34.cula3
  • Ciorruithe 1/3 ar bhuiséad TG4: Bheadh sé an-deacair a shamhlú dá dtarlódh an ciorradh seo nach ngearrfaí cláir Hector, Paisean Faisean, cláir cúla4 & Síle ar nós Aifric, Dora, Diego, Spongebob Square Pants & Ben 10 as Gaeilge!
  • Deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge – ioncam bheag a spreagann lucht na Gaeltachta le fanacht ina chónaí sna Gaeltachtaí.
  • Deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge – fóirdheontais na Mná Tí, gan é seo ní chlúdófar costais na cúrsaí samhraidh agus bheadh baol mór go mbeadh deireadh leis na cúrsaí samhraidh seo.
  • Ciorrú €1m ar Chiste na Gaeilge – Cá dtiocfadh an ciorrú ó Raidió Rí Rá, ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann nó ó Thaibhdhearc na Gaillimhe, mar shampla.
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: