Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Dualgais Cothromaíochta na Coistí Cúraim Leanaí

Posted on: 29/07/2009

Faighte ó shuíomh an Choimisinéara Teanga (www.coimisineir.ie)

Faighte ó shuíomh an Choimisinéara Teanga (www.coimisineir.ie)

Mar chuid den stocaireacht leanúnach atá baill foirne FNT ag déanamh ar bhur (pobal na Naíonraí Gaelacha) son, d’fhiosraigh muid stádas na gCoistí Cúraim Leanaí le hOifig an Choimisinéara Teanga.

Luaigh Oifig an Choimisinéara nach raibh siad clúdaithe faoin Achta. Tar éis roinnt tochailt d’fhoghlaim muid go raibh an tAire Ó Cuív i mbun fiosruithe faoi chur le líon na comhlachtaí/eagrais poiblí a chlúdaítear faoin Achta.

Mar sin mhol FNT don Aire Ó Cuív na Coistí Cúraim Leanaí a thabhairt faoin Achta ó tharla easpa tuisceana roinnt de na coistí seo i dthaobh cothromaíocht seirbhíse a chur ar fáil sa teanga náisiúnta.

Is léir go bhfuil go leor ar phláta an Aire faoi láthair mar thug sé sé seachtaine ar a oifig teacht ar ais chugainn ar an gceist seo ach seo thíos an fhreagra a fuair muid.

Tagraím don litir a chur tú chuig an Aire ar an 12ú Meitheamh 2009. Tá na moltaí atá déanta agat maidir leis na Coistí Cúram Leanaí a thógáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla nótáilte ag an Aire agus tógfar san áireamh é de réir mar a chuirtear an t-Acht i bhfeidhm.

Beidh muid ag tnúth go mór le go dtógfaí ár moladh san áireamh nuair a fógraítear na comhlachtaí poiblí nua, cibé am a tharlóidh sé sin.  Mar a fheictear níor tugadh aon dáta nó tréimhse ama sa ríomhphost thuas ach bí cinnte go leanfaidh lenár stocaireacht ar bhur son.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: