Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Athruithe i Rialacha an Bhliain Saoire Réamhscolaíochta

Posted on: 04/08/2009

omc_logo

Tá preaseisiúint le hathruithe sa scéim Bliain Saoire Réamhscolaíochta ar fáil ó shuíomh Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Tar éis fiosrú le hOifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige cuireadh leagan Gaeilge den phreaseisiúint ar fáil dúinn. Seo a leanas an preaséisiúint:

Preaseisiúint

Bliain Réamhscoile shaor in aisce 2010 mar chuid den scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige faoi Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige (OALGÓ)

Dé hAoine, 31 Iúil 2009

Tairgeann réamhscoileanna 93,000 áit chúraim agus oideachais luath-óige

Taispeánann na figiúirí is déanaí ó OALGÓ go bhfuil tuairim is 4,000 seirbhís réamhscoile tar éis iarratas a dhéanamh ar an scéim, agus é ar a gcumas isteach is amach le 93,000 áit a sholáthar i gcomhair bliain réamhscoile, roinnt mhaith níos mó ná an méid áiteanna a bhfuil gá leo.  Mar sin, cinneadh an deis a thabhairt do thuismitheoirí rogha agus solúbthacht níos fearr a bheith acu i gcás leanaí atá i bhfoisceacht cúpla seachtain de bheith incháilithe i gcomhair na scéime ó thaobh aoise de.  Mar thoradh ar seo, beidh leanaí a rugadh idir an 2 Feabhra 2005 agus an 30 Meitheamh 2006, agus na dátaí sin san áireamh, incháilithe chun cur isteach ar an scéim in Eanáir 2010.

Ráta caipitíochta níos airde le haghaidh seirbhísí ar chaighdeán níos airde

Lena chois sin, tá ráta caipitíochta níos airde de €75 in aghaidh na seachtaine á thabhairt isteach ag an OALGÓ i gcomhair seirbhísí naíonra seisiúnacha arna rith ag baill foirne ardcháilithe.  Tá an ráta nua seo á chur leis an scéim chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do sheirbhísí ina bhfuil leibhéil níos airde cáilíochtaí á mbaint amach ag a gcuid baill foirne agus chun aitheantas a thabhairt don iliomad seirbhísí atá i mbun oibre cheana féin agus foireann ardcháilithe acu.  Faoin táille chaighdeánach chaipitíochta de €64.50 in aghaidh na seachtaine i gcomhair seirbhísí naíonra seisiúnacha, ní mór do gach ceannaire Réamhscoile cáilíocht chúram leanaí a bheith acu ar ionann í agus FETAC leibhéal 5.  Faoin táille chaipitíochta níos airde, ní mór do gach ceannaire Réamhscoile i seirbhísí seisiúnacha cáilíocht chúram leanaí nó cáilíocht a bhfuil baint aici le hoideachas san luathbhlianta a bheith acu ag leibhéal 7 nó 8 ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí agus taithí trí bliana a bheith acu ar a bheith ag obair san earnáil.   Ní mór do Chúntóirí Réamhscoile sna seirbhísí seo cáilíocht a bheith acu ar ionann í agus FETAC leibhéal 5.  Is féidir le seirbhísí seisiúnacha laistigh de sheirbhísí cúram lae leas a bhaint as an ráta caipitíochta níos airde freisin.

Dúirt an OALGÓ go nglacfaí le hiarratais dhéanacha thar na seachtainí atá romhainn má bhíonn seirbhís nár chuir isteach ar an scéim fós ag iarraidh iarratas a chur isteach anois mar thoradh ar an bhfógra seo.

Díolúine rátaí

D’fhógair an tAire Andrews freisin go bhfuair a Oifig deimhniú ón Oifig Luachála go mbeidh díolúine ó rátaí tráchtála faoin Acht Luachála ag seirbhísí seisiúnacha a ghlacann páirt sa scéim, má íocann siad a gcostas go huile nó go príomha ó chistí Stáit.  Cé nach mbeidh tionchar aige seo ar naíolanna lae, a mbeidh táillí ó thuismitheoirí fós mar phríomh-ioncam acu, laghdóidh sé costais reatha a lán seirbhísí réamhscoile a bheidh páirteach sa scéim. Dúirt an OALGÓ go bhfuil sé beartaithe aici soiléiriú breise a lorg thar na míonna romhainn agus é ar intinn aici comhionannas níos mó a chruthú i measc seirbhísí, ós rud é gur athraigh tabhairt isteach an chúraim agus oideachais luath-óige an staid don a lán seirbhísí.

Tá an leagan Béarla ar fáil anseo

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Molann %d blagálaí é seo: