Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Cúrsa Forbartha & Bainistíochta (Corcaigh)

Posted on: 17/08/2009

Áras na Macléinn i gColáiste na hOllscoile. Íomhá faighte ón suíomh ghréasáin www.ucc.ie

Áras na Macléinn i gColáiste na hOllscoile. Íomhá faighte ón suíomh ghréasáin http://www.ucc.ie

Beidh an chéad Chúrsa Forbartha & Bainistíochta ar siúl ar an gCéadaoin agus an Déardaoin seo in Áras na Macléinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Mar eolas, tabharfar an freastal ar chúrsaí FNT san áireamh nuair a dhéanfaí riaradh ar an gCiste Teanga i mbliana.

Tá an chéad lá oscailte do phobal an naíonra (go príomhá stiúrthóirí, stiúrthóirí cúnta, baill den choiste [ach chomh maith aon tuismitheoir nó indibhidiúil le Gaeilge a bheadh spéis acu obair i naíonra]).

Ceardlanna Lá 1:

  • An Luath-thumoideachais Iomlán
  • Polasaí Gaeilge don Naíonra
  • An Scoilphobal
  • Páistí le Riachtanais Speisialta (le deimhniú).

Beidh an dara lá ag díriú ar shaincheisteanna bainistíochta inmheánacha na naíonraí. Mar sin is ar an stiúrthóir agus baill oiriúnacha den Choiste Naíonra a bhéas ceardlanna an lae seo dírithe.

Ceardlanna Lá 1:

  • Earcaíocht Foirne
  • Forbairt Pearsanta
  • Margaíocht don Naíonra
  • Ag clárú mar Chomhlacht Teoranta, Trádálaí Aonair nó Comhpháirtíocht. (le deimhniú)

Tá táille de €30 don chéad duine agus €10 do chuile dhuine eile ón Naíonra ar an gcúrsa. Cuirfear tae agus caife agus lón ar fáil thar an dá lá. Beidh clárú ar siúl ag a 9.30r.n. agus críochnóidh an cúrsa ar an dá lá ar a 5i.n. ar a dhéanaí.

Má tá spéis agat freastal ar an gcúrsa seol téacs nó glaoigh ar Sheáin ag 0860403717 ag maíomh cé mhéad daoine ón Naíonra gur spéis leo freastal agus má tá lón uathu (agus más feoilséinnteoirí iad). Tá líon spásanna teoranta ar an gcúrsa seo, mar sin is ar bhonn éilimh a dháilfear spásanna ar an gcúrsa.

Dóibh siúd nach féidir freastal ar an gcúrsa Forbartha agus Bainistíochta Naíonra i gCorcaigh beidh cinn eile ar siúl i nGaillimh (26-27.10.09), i mBaile Átha Cliath (28-29.10.09), agus in Inis Ceithleann (11-12.11.09). Breis eolais fúthu seo go luath.

Treoracha

D’iarr lucht an Choláiste dúinn an chórais iompair poiblí a mholadh go láidir daoibh ó tharla nach bhfuil mórán páirceáil ar fáil ar champas. Tá treoracha chuig an Choláiste ar fáil anseo agus léarscáil don champas ar fáil anseo.

Páirceáil

Iadsiúd nach bhfuil do rogha acu ach an charr a úsáid, más mian libh páirceáil ar an gcampas tá cúpla carrchlóis íoctha ar fáil ar champas:

Perrott’s Inch & Perrott Avenue atá díreach as Bóthar an Choláiste (College Rd) roimh Hayfield Manor.

É sin nó is féidir páirceáil ar an tsráid ach is gá íoc as seo chomh maith.

26-27.10.09
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: