Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Ulpóg na Muc – H1N1 (Caibidil 1)

Posted on: 24/08/2009

Ulpóg na Muca (íomhá ó defendingfoodsafety.com)

Ulpóg na Muc (íomhá ó defendingfoodsafety.com)

Seo an chéad caibidil as trí chaipidil a chuirfear ar fáil anseo ar Ulpóg na Muc.

Cé chomh dáiríre agus atá paindéim (H1N1) 2009?
Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) mar a sheasann rudaí is paindéim measartha í. Tá an dearcadh seo bunaithe air an t-eolas atá ar fáil, ‘sé sin:

  1. Athshlánaítear mórchuid dóibh siúd a bhíonn fabhtaithe (infected) ag an ngalar gan aon ghá le cóir leighis nó le hospidéalú.
  2. Ar an meán, tá na staitisticí i leith cásanna troma nó marfacha ar chomhionann leis an ulpóg séasúrach in ainneoin go bhfuil ceantair agus/nó institiúid faoi leith inár tharla leibhéil níos airde ná seo.
  3. Go ginearálta, tá ospidéil agus córais sláinte i bhformhór tíortha go dtí seo ábalta déileáil leis an uallach daoine atá ar lorg cúram cé gur gá a admháil ag tréimhsí áirithe go raibh brú ar roinnt de na háiseanna agus córais seo.
Nigh do lámha chun cinntiú nach scaipfear an ulpóg - H1N1 (íomhá faighte ó www.scientificamerican.com)

Nigh do lámha chun cinntiú nach scaipfear an ulpóg - H1N1 (íomhá faighte ó http://www.scientificamerican.com)

Cuimhnigh

  1. Tá ról rí-thábhachtach ag baill foirne i naíonraí chun cinntiú nach n-éiríonn na páistí nó daoine fásta tinn.
  2. Ní féidir a léiriú cé chomh tábhachtach agus atá ag nigh na láimhe le linn an lae!

Ag Nigh na láimhe

An modh is éifeachtaí chun cinntiú nach scaipeann Ulpóg (fliú) na Muca ná ag nigh na láimhe go leanúnach agus go cúramach:

  • Úsáid gallúnach agus uisce te chun do lámha a ghlanadh.
  • Caith ar a laghad 10-15 soicind ag nigh agus cinntigh go nitear do mhéara, d’ionga, bos na láimhe (palm), caol na láimhe (wrist).
  • Sruthlaigh an gallúnach le uisce reatha agus triomaigh do lámha le tuáille pháipéar aon uaire.
  • Caith an tuáille pháipéar i mbruscar dúnta.
  • Coinnigh do lámha ar shiúil ó d’aghaidh an oiread agus is féidir.

Is ó shuíomh ghréasáin an IPPA a tháinig go leor don t-eolas thuas ó tharla easpa eolais as Gaeilge curtha ar fáil ag an HSE in ainneoin fiosruithe chuige seo.

Cuirfear Caipidil a dó ar fáil amárach.

Le haghaidh breis eolais faoin Ulpóg déan teagmháil le oifig áitiúil an HSE.

Stiúrthóirí: Bígí cinnte go bhfuil uimhir agat d’oifig áitiúil an HSE ar eagla na heagla.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: