Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Ulpóg na Muc – H1N1 (Caibidil 2)

Posted on: 25/08/2009

HSE_lógó

Fógra Teilifíse ón bhFeidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (HSE) cliceáil anseo.

Sraoth & casacht isteach i gciarsúr aon uaire más féidir (íomhá ó www.dietsinreview.com)

Sraoth & casacht isteach i gciarsúr aon uaire más féidir (íomhá ó http://www.dietsinreview.com)

Béasaíocht Casachta agus Sraotha

  • Más gá duit casacht nó sraoth, clúdaigh do shrón agus do bhéal le
    Ná lig don ulpóg scaipeadh, sraoth isteach i d'uillinn.

    Ná lig don ulpóg scaipeadh, sraoth isteach i d'uillinn.

    ciarsúr nó muna bhfuil ciarsúr agat casacht nó sraoth i gcoirnéal d’uillinn (crook of your elbow).

  • Úsáid ciarsúir aon uaire seachas cinn déanta as éadach.
  • Caith an chiarsúir isteach i mbosca bruscar dúnta.
  • Nigh do láimhe go díreach ina dhiaidh sin.

Sláinteachas sa Naíonra

  • Is gá dromchlaí comónta (seomraí súgartha, seomraí codlata, suímh cistine nó ithe, murláin doras, sconnaí, lámha/hanlaí leithreas, srl) a ghlanadh go laethúil nó níos minice más cuí le huisce te agus glantach (detergent) nó ciarsúir antaiseipteacha.
  • Is gá mapaí agus ceirteacha glantacháin a shláintiú leis an gnáth leacht nó tuaslagán tuarthóra do thimpeallachtaí cúraim leanaí nó trí nigh san inneall níocháin.

    Ábhar glantacháin (íomhá faighte ó sg.88db.com)

    Ábhar glantacháin (íomhá faighte ó sg.88db.com)

  • Is gá an gnáth sceideal glantacháin a dhéanamh agus a thaifeadadh de réir riachtanais  Rialacháin na Seirbhísí Réamhscolaíochta.
  • Is gá do lámha a nigh roimh agus tar éis bia a ullmhú, a fhreastal, a ithe, ag tabhairt bia do bhabaí, ag folamh bruscair, ag athrú clúidíní, ag cabhrú le páistí óga an leithreas a úsáid, ag bacadh leacht coirp, agus ag cabhrú le páistí a srón a shéideadh, srl.
  • Ba chóir go gcuirfí na gnéithe, cupáin, plátaí, srl isteach sa meaisín níocháin láithreach le haghaidh nigh laethúil.
  • Is gá do chuile baill foirne, tuismitheoir, páiste agus cúirteoir a lámha a nigh ar shroichinn an naíonra.
  • Ná tabhair cuairt ar éinne leis an ulpóg seachas má tá sé riachtanach.
  • Ní chóir do pháistí, tuismitheoirí, baill foirne nó cuairteoirí atá tinn teacht chuig an naíonra.

Foclóir

Murlán dorais: door handle

Glantach: detergent

Sláintigh: sanitize

Tuaslagán tuarthóra: bleach solution

Clúidín: nappy

I gcás easpa ciarsúra seo an slí is éifeachtaí chun cinntiú nach scaipfear an ulpóig/fliú.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 6 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 6 years ago
Molann %d blagálaí é seo: