Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Ulpóg na Muc – H1N1 (Caibidil 3)

Posted on: 26/08/2009

(íomhá ó www.cic.ie

(íomhá ó http://www.cic.ie)

Mar a léirigh roinnt daoibh an Ghaeilge ceart ar an téarma ná Ulpóg na Muc seachas Ulpóg na Muca a bhí againn ar dtús báire.

Go raibh maith agaibh as an gceartúchán.

Is féidir Fliú na Muc nó Fliú Mucúil mar atá i focal.ie a úsáideach chomh maith.

Comharthaí Ulpóg na Muc

Is iad na comharthaí géarchéime i bpáistí atá cúram dochtúra ag teastáil go práinneach uatha ná*:

  • Análú tapaigh nó deacrachtaí análú
  • Craiceann ar dhath gorm/corcra
  • Nach bhfuil a dhóthain deoch a ól acu
  • Nach bhfuil siad ag múscailt nó idirghníomhú
  • Chomh greannaitheach nach páiste a chur ar a shuaimhneas
  • Imíonn comharthaí ulpóige ach ansin filleann siad le fiabhras agus casacht níos measa.
  • Fiabhras le gríos
Coinnigh súil amach le haghaidh páistí le fiabhras agus gríos (íomhá faighte ó www.injuryboard.com)

Coinnigh súil amach le haghaidh páistí le fiabhras agus gríos (íomhá faighte ó http://www.injuryboard.com)

*Ba chóir a shoiléiriú go bhfuil cur chuige ciallmhar ag teastáil ó tharla go mbíonn go leor de na comharthaí seo le feiceáil leo féin i dtinnis comónta neamhthromchúiseacha do pháistí.

Ba chóir monatóireacht a dhéanamh ar pháistí agus aon athraithe a thaifeadadh. Má cheapann an bainistíocht an Naíonra go bhfuil páiste ag léiriú comharthaí Ulpóg na Muc is gá dóibh teagmháil a dhéanamh le tuismitheoir/caomhnóir láithreach nó duine teagmhála géarchéime muna bhfuil siad ar fáil.

Roinnt de na comharthaí d'Ulpóg na Muc (Íomhá faighte ó www.palscience.com)

Roinnt de na comharthaí d'Ulpóg na Muc (Íomhá faighte ó http://www.palscience.com)

Is iad na comharthaí géarchéime i ndaoine fásta atá cúram dochtúra ag teastáil go práinneach uatha ná*:

  • Gearranáil nuair atá scíth a ghlacadh nó nuair nach bhfuil mórán a dhéanamh ag an duine.
  • Análú pianmhar nó deacrachtaí análú
  • Ag casacht suas seile fuilteach
  • Tuirse nó mearbhall
  • Fiabhras ar feadh 4 nó 5 lá agus gan aon bhiseach (nó ag éirigh níos measa)
  • Biseach ag teacht ar dhuine agus ansin teacht fiabhras trom agus ag mothú níos measa arís.
Bileog Eolais ón HSE

Bileog Eolais ón HSE

Tá breis eolais do sheirbhíse réamhscolaíochta / cúram leanaí ar fáil as Béarla amháin faoi láthair ar shuíomh Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (HSE) anseo.

Póstaer Eolais faoi Ulpóg na Muc

Tá an fíor leagan den phóstaer seo ar fáil ó shuíomh an HSE. Cliceáil air teacht air chun é a íoslódáil agus a chur i gcló.

Tá an fíor leagan den phóstaer seo ar fáil ó shuíomh an HSE. Cliceáil air teacht air chun é a íoslódáil agus a chur i gcló.

B’fhiú do Stiúrthóirí Naíonraí (agus na scoileanna lán-Ghaeilge) na póstaeir seo a chur i gcló agus a chur suas ar bhallaí an Naíonra (an gaelscoil nó an gaelcholáiste).

Foclóir

Greannaitheach(t): irritable

Faibhras le gríos: Fever with a rash

Neamhthromchúiseacha: non-serious

Gearranáil: Shortness of breath

Seile fuilteach: bloody sputum

Mearbhall: dizziness/confusion

Advertisements

1 Response to "Ulpóg na Muc – H1N1 (Caibidil 3)"

Ár mbuíochas leis an IPPA as a dtáinig formhór an t-eolas seo a cuireadh ar fáil daoibh thar na trí chaibidil éagsúla.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: