Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Cúla4 ar fáil ar NTL taobh leis na stáisiúin cartúin/páistí eile.

Posted on: 31/08/2009

chorus-ntlBuíochas le Gearrthóga Gaelport.com don alt seo.

Dheimhnigh Chorus ntl inné, go mbeidh CÚLA4, bloc laethúil clár óige  TG4 ar fáil mar chainéal ar leith i zón na ndaoine óga ar  Chorus ntl ón Mháirt seo chugainn, 1 Meán Fómhair 2009.

Tá an socrú nua seo á chur i bhfeidhm ag tús séasúir nua CÚLA4 ina bhfuil

 Bhuaigh AIFRIC Cúla4 an gradam IFTA do 'Clár is fearr do dhaoine óga' trí bhliain as a chéile, 2007, 2008 & 2009.     Bhuaigh AIFRIC Cúla4 an gradam IFTA do 'Clár is fearr do dhaoine óga' trí bhliain as a chéile, 2007-09.

Bhuaigh AIFRIC Cúla4 an gradam IFTA do 'Clár is fearr do dhaoine óga' trí bhliain as a chéile, 2007, 2008 & 2009. Bhuaigh AIFRIC Cúla4 an gradam IFTA do 'Clár is fearr do dhaoine óga' trí bhliain as a chéile, 2007-09.

sceideal nua clár agus forbairtí go leor eile á ndéanamh sa réimse seo.

Beidh an soláthar a dhéanann CÚLA4 roinnte ina thrí  bhloc sainiúil  clár gach lá  chun freastal níos fearr  ar an trí  aicme fhéachana, réamhscoil, páistí agus déagóirí.

Deir Lís Ní Dhálaigh,  Stiúrthóir Aschuir TG4: “Tá áthas an domhain orainn faoin bhforbairt seo.  Anois agus muid ar fáil ar chábla ar chainéal 602  – le hais na seirbhísí aitheanta eile do dhaoine óga – beidh stádas agus seasamh níos fearr ag  CÚLA4 agus é níos lárnaí sa rogha féachana atá ar fáil ar chábla.”

“Tá gach dóchas againn as an rogha ábhair a chuirimid ar fáil agus is mór againn an t-aitheantas seo a chuirfidh ar chomh-chéim muid leis na cainéil sin a bhfuil cáil dhomhanda orthu sa margadh teilifíse do pháistí.”

“Is céim tábhachtach don Ghaeilge é freisin go mbeadh CÚLA4 suite mar a bheith feasta ar an gcóras cábla agus an teanga ar chomh-tharrac leis an mBéarla i súile an aos óg.”

Deir Simon Kelehan, Ceannasaí Teilifíse le Chorus: “Táimid thar a bheith sásta leis bhforbairt seo agus muid ag suíomh CÚLA4 i zón na bpáistí, a chur i lár na hiomaíochta, le hais na gcainéal eile.  Tacaímid le cainéil dhúchasacha agus is mór againn an comhoibriú is deireanaí seo le TG4.”

Sceideal CÚLA4

Dora ar Cúla4: Idir Gaeilge agus Spáinnise a labhairt aici agus í ar thurais éagsúla lenár gcairde.

Dora ar Cúla4: Idir Gaeilge agus Spáinnise a labhairt aici ar an gclár.

CÚLA4 na n-ÓG:  7am – 10am  do pháistí réamhscoile ELmo, Tar Ag Spraoi SesameDora The Explorer; Ni Hao Kai Lan; Franny’S Feet; Dive Ollie Dive Agus Mr Men.

CÚLA4:  2:30 – 4.50pm  don aoisghrúpa 6 – 10 bliana BEN 10Spongebob Squarepants; Back At The Barnyard; Eliot Kid; Mighty Bee Agus Skunk Fu.

PONC: 4:50 – 7:00pm   Máire Treasa Ní Dhubhghaill and Colmán Mac Séalaigh le soláthar iontach clár do dhéagóirí, le drámaíocht Aifric, H2O; Life With Derek,  8 Simple Rules), Réilifís  Pimp My Ride;  The Hills, My Super Sweet Sixteen  Agus Guais-Spórt Planet X, Groms Tour.

Leideanna do thuismitheoirí:

Má tá do pháistí chun féachaint ar chláracha teilifíse, cuir iad ag ar chláracha Cúla4, roimh a fhad ní athnóidh siad go bhfuil siad ag éisteacht le Gaeilge agus beidh sé nádúrtha dóibh.

Má tá taifeadán digiteach (digital recorder) agat mar chuid do sheirbhís Chorus/NTL nó SKY déan taifead leanúnach ar (chláracha) Cúla4 chun gur féidir féachaint orthu ag amanna éagsúla.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: