Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Is Leor Beirt!

Posted on: 20/10/2009

Tá an scéal seo faighte ó Nuachtlitir míosúil Chonradh na Gaeilge.

Ciorcal_Chomhrá

Tá Oifig Chonradh na Gaeilge agus tograí pobail ag tabhairt faoi cur le deiseanna labhartha Gaeilge sa phobal ar dóigh go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil go poiblí, agus nach mbeidh faitíos ar dhaoine agcuid Ghaeilge a úsáid.

Teastaíonn ón gConradh gréasán Gaeilge a chothú timpeall na tíre le cineál ciorcail chomhrá (informal discussion group) in ionaid éagsúla agus é bunaithe ar an tuairim nach bhfuil an-chuid daoine de dhíth leis an teanga a spreagadh go laethúil – Is leor beirt!

Táimid ag iarraidh teacht ar áiteanna ar leith inár bhféidir le daoine
bualadh le chéile le haghaidh gnáth sos caife ar lá cinnte gach seachtain, abair
gach maidin Chéadaoin ag a 11.00rn.

Tá sé riachtanach go mbeadh ar a laghad beirt a bhéas cinnte ann gach seachtain le fáilte a fhearadh roimh chainteoirí cúthaileacha eile, agus ní bheidh aon éileamh breise á déanamh ar dhaoine ó thaobh chúrsaí ama nó airgid de.

Is féidir an t-am agus an áit a phoibliú go háitiúil agus beidh sé ina phointe teagmhála do dhaoine lasmuigh de phobal na Gaeilge freisin, ag cabhrú le pobal na teanga a neartú ón dtalamh aníos.

Más spéis leat éirí gafa linn, déan teagmháil le Peadar Mac Fhlannchadha
ag conradh@bradan.iol.ie / +353 (0)91 567824.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: