Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Óráid Éamon Uí Cuív ag Seimineár an Oireachtais 2009

Posted on: 04/11/2009

O_CuivÉamon Ó Cuív TD

An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Seimineár an Oireachtais 2009

“An Ghaeilge: An Fiche Bliain Romhainn”

Dé  Sathairn 31 Deireadh Fómhair 2009

Is cúis áthais agus onóra dom a bheith in bhur láthair ar maidin in Óstán Mount Errigal do Sheimineár an Oireachtais 2009.  Mo bhuíochas do lucht eagraithe na hócáide seo agus go mór leis an Uasal Julian de Spáinn as ucht an cuireadh a bheith mar aoi chainteoir ag an seimineár. Tá an téama atá roghnaithe don seimineár i mbliana fíor spéisiúil agus glacaim leis go raibh baint  nach beag ag an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá á hullmhú ag an Rialtas faoi láthair le roghnú an téama sin.

Straitéis 20 bliain don Ghaeilge

Mar is eol daoibh tá muid i bpróiseas ullmhúchán i leith an Straitéis le tamall anuas agus tá súil go mbeidh an doiciméad críochnaithe sár a bhfad.  Tuigfidh sibh mar sin nach féidir liom dul isteach go mion i sonraí na Straitéise go dtí go mbeidh sé aontaithe ag an Rialtas. Is féidir liom a rá go dtabhfaidh sé le chéile i doiciméad amháin gníomhaíochtaí i réimsí éagsúla don saol a bheidh chun tairbhe do dhaoine gur mian leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge agus dóibh siúd gur mian leo an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil chun a chinntiú go mbeidh an oiread daoine agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.   Go bunúsach beidh an Straitéis mar mhapa bóthair don treo ceart ar aghaidh, clúdóidh sé réimse ar nós an Ghaeilge sa teaghlach, sa phobal, sa chóras oideachais, fáil ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus mar sin de.

Beidh an Straitéis tógtha ar na 13 cuspóir atá luaite i Ráiteas polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh i mí na Nollag 2006. Tríd an Ráiteas seo dearbhaíonn an Rialtas a dtacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Clúdaíonn na cuspóirí réimsí ar nós Stádas Oifigiúil, an Ghaeltacht, Oideachas, Craolachán, an tAontas Eorpach & rl.

Is é  an príomh aidhm a bheidh ag an Straitéis ná go seachadfar an Ghaeilge ó ghlúin go glúin agus go fad-téarmach go mbeadh sé seo á dhéanamh go nádúrtha sa teaghlach.  Tá sé aitheanta ar fud an domhain gur í seo an príomhcheist gur gá dul i ngleic lei má tá teangacha neamhfhorleathana ar nós an Ghaeilge le tabhairt slán. Cé go dtugann tuismitheoirí faoi roghnú teanga dá bpáistí le deá thoil bíonn deacrachtaí nach beag le sárú acu má roghnaíonn said Gaeilge mar phríomh theanga teaghlaigh. Tá súil tríd na hidirghabhálacha a bheidh sa Straitéis go dtabhfaidh sé spreagadh agus tacaíocht do thuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge.  Cé gur sa Ghaeltacht is mó a bhí an rogha seo le déanamh go dtí seo táthar ag súil go mbeidh an cinneadh seo á dhéanamh níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht le cúnamh agus tacaíochtaí na Straitéise.

Go traidisiúnta bhí idirdhealú déanta idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht ó thaobh na teanga de ach anois tá sé níos soiléire nach mhairfidh an Ghaeilge má táthar ag brath ar an Ghaeltacht amháin le í a choinneáil beo. Chomh maith le sin ní leathnóidh úsáid na Gaeilge ar fud na tíre gan tacú na Gaeltachta.  Tóg mar shampla na Coláistí Gaeilge, ceann de na eiseamláir is fearr don tacaíocht dearfach atá idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht, ní féidir leis na Coláistí maireachtáil gan na daltaí a thagann chugtha ó cheantair éagsúla ar fud na tíre agus ní féidir an timpeallacht foghlama céanna a chruthú do na daltaí seo i n-aon áit eile seachas sa Ghaeltacht.

Tá an méid Gaeilge atá á labhairt taobh amuigh den Ghaeltacht ag méadú de shíor. Tá eolas again ar fad ar cheantair i gcathracha nó i gceantair uirbeacha eile a bhfuil Gaeilge láidir iontu, is minic go bhfásann na gréasáin seo i gceantair a bhfuil gaelscoileanna agus scoileanna lán-Ghaeilge bunaithe iontu le blianta agus go bhfuil an tionchar dearfach atá acu ar an bpobal trí chéile ó thaobh na teanga de. Ag ullmhú an Straitéis táthar tar éis aird speisialta a thabhairt ar na gréasáin seo. Beidh aitheantas á thabhairt do phobail uirbeacha a bhfuil bunstruchtúr láidir Gaeilge iontu, struchtúr ar nós oideachas, seirbhísí óige, agus seirbhísí pobal eile & rl.  Chomh maith le seirbhísí tacaíochta a bheith ar fáil do na ceantair a bhfuil dóthain mais chriticiúil iontu táthar chun forbairt a dhéanamh ar ionaid acmhainní a thabhfaidh deiseanna don phobal páirt a ghlacadh i gníomhaíochtaí a bheidh Gaeilge-lárnaithe agus a chuireadh le deiseanna sóisialta do dhaoine i ngach aois-ghrúpa lena gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh do chóras foirmiúil.

Mar is eol daoibh foilsíodh Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2007 agus tá sé i gceist go mbeidh moltaí maidir le neartú na Gaeltachta áirithe sa Straitéis. Bhí molta sa staidéar go mbeadh stádas na Gaeltachta bunaithe ar chritéar teanga agus chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail gur gá forbairt a dhéanamh ar chóras pleanála teanga ag leibhéal an phobail.

Tuigim gur athrú mór é seo ón sainmhíniú atá againn ar an Ghaeltacht faoi láthair atá bunaithe ar teorainn tíreolaíocht ach ní gá do dhaoine a bheith imníoch gur cailliúint stádas a bheidh i gceist do cheantracha áirithe má chuirtear i bhfeidhm é.  Tá mé cinnte go bhfuil sibh ar an eolas faoi an obair mhaith a bhí á dhéanamh sna pobail éagsúla tríd na scéimeanna pleanála teanga áitiúil le roinnt blianta anuas agus is féidir libh glacadh leis go ról lárnach ag gníomhaíochtaí den saghas seo i dtodhchaí na Gaeltachta

Ní amháin go mbeidh an Straitéis ag díriú orthu siúd atá ag úsáid na teanga ar bhonn rialta faoi láthair ach táthar ag súil go dtabhfaidh sé spreagadh dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge nó dóibh siúd atá ag iarradh a scileanna Gaeilge a fhorbairt agus ag iarradh páirt gníomhach a thógáil i saol sóisialta, eacnamaíochta agus oideachais trí Ghaeilge .

Tá sé  ráite agam cheanna gur é an sprioc atá leis an Straitéis ná go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil roimh a thiocfaidh deiridh le tréimhse na Straitéise.  De réir daonáirimh 2006 tá cumas áirithe Gaeilge ag 42% de dhaonra na hÉireann, is ionann é seo agus 1.6 milliún duine atá os cionn 3 bliana d’aois. Cé gur staitistic dearfach é seo, sa daonáirimh céanna tuigtear dúinn gur í an Ghaeilge an príomh theanga pobail a úsáideann 3% de dhaonra na tire sin thart ar 83,000 duine.  Is léir mar sin go bhfuil obair mhór romhainn má táthar chun an sprioc a bhaint amach.

Is plean Stát a bheidh anseo a bhfuil lán tacaíocht an Stát taobh thiar dó, beidh spriocanna ann a chuirfidh dúshlán faoin Rialtas agus faoin bpobal chun an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.  Mar a dúirt an Taoiseach Brian Cowen agus é ag oscailt an Ionad Tacaíocht Teaghlaigh in Indreabhán le déanaí, tá an Straitéis bunaithe ar spiorad na ndaoine agus an bród atá ag an bpobal ina dteanga agus le comhoibriú idir an Stát agus an pobal tá súil go mbeidh fás ag borradh leis an teanga nuair a thagann deiridh le tréimhse an Straitéis i gceann 20 bliain.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Molann %d blagálaí é seo: