Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Deireadh tagtha le maoiniú na heagraíochta Gaidhlig TAIC

Posted on: 08/10/2010

Bloicíní

Is cúis imní do mhionteangacha é scéal a tháinig ó Albain an tseachtain seo. Tá cinneadh déanta ag Rialtas na hAlban deireadh a chur le maoiniú a chur ar fáil don eagraíocht dheonach Gaidhlig, TAIC, ó Mhárta 2011 ar aghaidh.

 

Cruthaíonn TAIC deiseanna foghlaim na Gaidhlig do pháistí agus do dhaoine fásta trí ghrúpaí súgartha, ghrúpaí réamhscoile agus chúrsaí teanga, i measc rudaí eile. Anois, le deireadh le maoiniú ón Rialtas, ní bheidh sé ar chumas an eagraíocht soláthar a dhéanamh ar réamhscolaíocht Gaidhlig in Albain.

 

Dúirt stiúrthóir TAIC, Fionnlaigh MacLeóid, go bhfuil soláthar scolaíochta trí mheán na Gaidhlig riachtanach d’athbheochan na Gaidhlig. Ardaítear ceisteanna anois, le deireadh le ról TAIC i soláthar réamhscolaíocht trí mheán na Gaidhlig, ar rath na 60 bunscoil Gaidhlig atá in Albain.

 

Bunaíodh TAIC i 1982, mar eagraíocht dheonach. Inniu, tá 137 grúpa réamhscoile faoina cúram, ag freastal ar bhreis agus 2,000 páistí.

 

Le breis eolais a fháil ar TAIC, cliceáil anseo.

 

Léigh an t-alt iomlán ar Gaelport.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: