Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Seimineáir, Ceardlanna, Comhdhálacha agus eile

Posted on: 29/10/2010

Íomhá de sheimineár

Tá mórán seimineár, ceardlann agus comhdhálacha le bheith ar siúl i rith na míosa seo chugainn agus tugtar eolas fúthu go léir ar shuíomh FNT. Seo dhá sheimineár atá ar siúl go luath, má tá suim agat freastal orthu, ná déan dearmad d’áit a chur in áirithe.

3,4,5 Children Thrive

Is é 3,4,5 Children Thrive, teideal Comhdháil youngballymun i mbliana, a bheidh ar siúl 10 Samhain 2010, san Ionad Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath.

Beidh saineolaithe ón tír seo agus ó thar lear i láthair le caint faoina dtaithí pearsanta in earnáil na luathbhlianta agus an oideachais agus le féachaint ar thodhchaí na hearnála in Éirinn. Beidh siad ag breathnú ar an tábhacht a bhaineann leis na luathbhlianta agus le hardchaighdeán oideachais a sholáthar do leanaí óga (iad siúd i gceantair faoi mhíbhuntáiste ach go háirithe).

Is féidir breis eolais a fháil ar an gcomhdháil seo ar shuíomh gréasáin youngballymun nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@youngballymun.org.

Seimineár do Thuismitheoirí
Tá Sue Palmer, údar an leabhair ‘Toxic Childhood’, le bheith mar aoichainteoir ag Seimineár do Thuismitheoirí atá á eagrú ag Coiste Cúram Leanaí Thiobraid Árann Thuaidh. Is iad cuid de na hábhair a bheidh á phlé i rith an tseimineáir ná riachtanais sóisialta agus mothúchánacha an pháiste, tábhacht an tsúgartha agus an tábhacht a bhaineann le scileanna maithe éisteachta agus teanga a fhorbairt. Tá an seimineár dírithe ar thuismitheoirí, sholáthraithe chúram leanaí, mhúinteoirí Montessori agus éinne a oibríonn le páistí. Breis eolais ar fáil anseo.

Beidh an seimineár ar siúl idir 9.30r.n.-4.00i.n., ar an 13 Samhain 2010, san Abbey Court Hotel, Tiobraid Árann. Tá costas €5 air, lón san áireamh. Más mian leat freastal ar an seimineár glaoigh ar 067 44888, le háit a chur in áirithe.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: