Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

World Meningitis Day 2011

Posted on: 21/04/2011

World Meningitis Day 2011

Is é Domhnach an 24 Aibreán 2011 World Meningitis Day. Tá an lá seo á eagrú ag an Confederation of Meningitis Organisations (CoMO) le tacaíocht ón Meningitis Trust in Éirinn. Is é an Meningitis Trust an príomheagras tacaíochta in Éirinn do dhaoine a d’fhulaing meiningíteas. Oibríonn sé chun feasachta ar siomptóim a ardú chomh maith.

Is é meiningíteas ceann de na galair is mó a bhfuil faitíos ag tuismitheoirí roimhe. Is féidir le duine ar bith ag aois ar bith meiningíteas a fháil, ach is iad leanaí idir 0-4 an aois grúpa is mó atá i bpriacal. Faigheann níos mó páistí faoi 5 bliain bás de bharr meiningítis ná aon ghalar ionfhabhtaíoch eile.

Roinnt staitisticí:

  • Bíonn cás amháin meiningíteas, ar a laghad, in Éirinn gach lá.
  • Tá aithne ag 30% de dhaoine fásta ar dhaoine a d’fhulaing meiningíteas.
  • Gheobhaidh 1 as 10 nduine a fhaigheann meiningíteas bás.
  • Is é an t-aon chosc amháin ar mheiningíteas bhaictéarach ná vacsaíniú.

Tá obair iontach á dhéanamh ag an Meningitis Trust agus is féidir breis eolais a fháil ar obair an eagrais agus ar mheiningíteas é féin ar an suíomh www.meningitis-trust.ie. Tá roinnt smaointe ann chomh maith ar ghníomhaíochtaí tiomsaithe airgid.

Tá leabhar darb ainm ‘When Monty had Meningitis’ ar fáil saor in aisce ón Meningitis Trust. Tá sé dírithe ar leanaí idir 3-6 bl. a raibh meiningíteas orthu, leis an eispéireas a mhíniú agus é a thuiscint níos fearr. Tá suíomh ag Monty chomh maith agus is féidir le páistí foghlaim faoi mheiningíteas agus víris ann.

Líne Chabhrach 24 Uair 1800 523 196

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: