Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Anam an Amhráin

Posted on: 29/04/2011

Damhan Alla

Thug an stiúideo beochana Cartoon Saloon saol nua do 12 seanamhrán Gaeilge don tsraith Anam an Amhráin, a d’fhorbair sé i gcomhpháirt le Sónta Teo. do TG4. Chraoladh an tsraith ag am Nollaig 2010, ach tá an stiúideo ag súil le DVD leis na 5 chlár a chur ar fáil don phobal roimh shamhradh 2011.

Sa tsraith, taistealaíonn Iarla Ó Lionáird timpeall na tíre ag bualadh le hamhránaithe cáiliúla eile agus iad ag tabhairt faoi sheanamhráin Gaeilge. Cuirtear taifead na n-amhrán le gearrthóga bheochana nua le leagan iomlán nua de na hamhráin a chruthú.

Is iad cuid de na hamhránaithe lena mbuaileann sé ná Muireann Nic Amhlaoibh, Damien Dempsey, Declan O’Rourke, Paul Brady agus Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan.

Tá cuid de na hamhráin ar fáil ar YouTube, éist leo le blas a fháil ar céard a bheidh ar fáil ar an DVD nuair a eisítear é. Breis eolas faoin tsraith agus faoin gcomhlacht ar fáil ar www.cartoonsaloon.ie/.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: