Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Beathú Cíche agus an éifeacht ar iompar an pháiste

Posted on: 13/05/2011

Leanbh

Dar le taighde nua déanta sa Bhreatain, tá dóchúlacht níos lú ann go bhforbrófar fadhbanna iompraíochta faoi aois a cúig i bpáistí a fuair beathú cíche ná páistí a fuair bainne foirmle.

Rinneadh taighde ar an éifeacht fadtéarma atá ag beathú cíche roimhe seo, ach taighde mionscála le torthaí neamhréireach a bhí ann. D’úsáideadh eolas ón Millennium Cohort Study, a leanann ar aghaidh, a dhéanann suirbhé ar leanaí beirthe sa Bhreatain idir 2000/2001, don taighde nua seo.

Sa taighde seo, déantar idirdhealú idir fadhbanna iompraíochta agus iompar míchuí. Dar leis na taighdeoirí, is éard atá i gceist le hiompar míchuí ná iompar a fhoghlaimíonn páistí ó dhaoine timpeall orthu. Is rud nádúrtha é do pháistí iad féin a iompar go míchuí anois is arís, agus iad ag fás agus ag foghlaim. Is éard atá i gceist le fadhbanna iompraíochta, áfach, ná iompraíochtaí mhíchuí rialta thar tréimhse, agus go mbíonn éifeacht dhiúltach acu ar fhorbairt an pháiste agus saol an pháiste/an teaghlaigh.

Thóg breis agus 10,000 máithreacha agus leanaí páirt sa taighde agus cuireadh faoi agallamh iad nuair a bhí an leanbh 9 mí d’aois agus gach dara bliain ina dhiaidh.

Léigh an t-alt iomlán anseo.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Molann %d blagálaí é seo: