Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Curiarracht Dhomhanda Where’s Wally

Posted on: 20/05/2011

Beidh an Street Performance World Championship (SPWC) ag teacht go hÉirinn mí an Mheithimh arís i mbliana. Beidh an fhéile ar siúl i bPortlaoise, Corcaigh agus Baile Átha Cliath, agus tá do chabhair de dhíth le curiarracht dhomhanda Where’s Wally a bhaint amach!

Beidh an iarracht ar an gcuriarracht dhomhanda ar siúl i bPortlaoise agus Corcaigh ar an 12 Meitheamh agus i mBÁC ar an 19 Meitheamh. Glacfar grianghraif ardtaifeach ó chraein ar an lá leis an gcéad grianghraf Where’s Wally ón bhfíorshaol a chruthú agus cuirfear ar líne iad ionas gur féidir leis na Wally’s iad féin a chuardach iontu.

Is féidir leis an gclann go léir páirt a ghlacadh sa lá iontach seo trí chuairt a thabhairt ar shuíomh an Street Performance World Championship agus feisteas Where’s Wally a ordú ar €12. Rachaidh cuid den airgead ó dhíol na bhfeisteas chuig an gcarthanacht Africa Aware, a oibríonn le VEID/SEIF agus forbairt pobail san Afraic . Níl ach méid teoranta feisteas ar fáil, mar sin bí cinnte go gcuireann tú d’ordú isteach go luath!

Tá preaseisiúint ar fáil le híoslódáil anseo nó is féidir tuilleadh eolais faoin bhféile a fháil ó shuíomh an SPWC.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: