Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Avonmore Big Picnic for Barretstown

Posted on: 27/05/2011

Avonmore Big Picnic for Barretstown

Seo an tríú bhliain den Avonmore Big Picnic for Barretstown, agus beidh picnic mhór ar siúl ag Barretstown é féin, an Domhnach seo, 29 Bealtaine 2011.

Beidh an phicnic ar siúl ar thalamh Chaisleán Barretstown, An Baile Mór, Cill Dara, idir meán lae agus 4.30i.n.. Cuirtear fáilte roimh gach duine picnic a thabhairt leo agus taitneamh a bhaint as i dtimpeallacht álainn Chaisleán Barretstown.

Beidh imeachtaí don teaghlach go léir ar fáil i rith an lae, idir phreabchaisleán, comórtais tharraingt na téide, ionad lá spóirt, carranna dea-fheidhmíochta, turas den eastát agus mórán eile! Cuirfear sólaistí ar fáil ar an lá chomh maith.

Moltar tabhartas €5 an chairr a thabhairt ar an lá, ach iarrtar ort a bheith chomh flaithiúil agus is féidir don charthanacht iontach seo.

Eolas faoi Barretstown: Is campa é Barretstown a bhí deartha go speisialta le cláir croíléis theiripeach a sholáthar do pháistí le galair thromchúiseacha, agus dá theaghlaigh. Cuireann cúram leighis den chéad scoth é ar chumas páistí le galair mar ailse agus galair fhola, dearmad a dhéanamh ar an ngalar agus spraoi a bheith acu, mar aon le foghlaim conas muinín agus féinmheas a fhorbairt arís.

Freastalaíonn Barretstown ar pháistí le galair thromchúiseacha ó Éirinn, ón mBreatain agus ón Mór-Roinn, agus lena theaghlaigh.

Cliceáil anseo nó tabhair cuairt ar www.barretstown.org do thuilleadh eolais faoin obair a dhéantar ann.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: