Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Imeachtaí – mí Iúil

Posted on: 01/07/2011

Samhradh

Céad lá mhí Iúil inniu, agus tá an samhradh tosnaithe i gceart anois leis na páistí go léir ar saoire (tá súil againn go gcuireann duine éigin an aimsir ar an eolas faoi!).

Cuirtear an-chuid imeachtaí do theaghlaigh ar siúl i rith an tsamhraidh. Seo thíos cuid de na féilte atá ar siúl timpeall na tíre i rith mhí Iúil:

30 Meitheamh – 3 Iúil Tall Ships Race 2011, Port Láirge
1 – 10 Iúil Clonmel Junction Festival 
9 – 24 Iúil Féile Ealaíne an Earagail 
9 Iúil – 14 Lúnasa Bray Summerfest
11 – 24 Iúil Galway Arts Festival
14 – 17 Iúil Mukno Mania Festival
16 – 18 Iúil Arklow Seabreeze Festival 
21 – 25 Iúil Sneem Family Festival 
20 – 30 Iúil Boyle Arts Festival 
23 – 31 Iúil Killarney Summerfest 
29 – 31 Iúil Spraoi, Port Láirge

 

Baile Átha Cliath

Cuirtear raon leathan imeachtaí ar siúl gach samhradh i mBaile Átha Cliath, seo thíos cúpla imeacht spéisiúil don chlann atá á eagrú ag Dublin City BID.

  • Gach deireadh seachtaine idir 12-4i.n., i rith mhí Iúil tá Family Fun i bPáirc Wolfe Tone agus ag barr Shráid Grafton
  • 5-8 Iúil agus 12-15 Iúil – Campa Samhraidh Ealaíne do Pháistí, Talbot Gallery, Sráid Thalbóid

Gach eolas ar an gclár iomlán d’imeachtaí ar siúl i mBaile Átha Cliath ar fáil ag www.summerindublin.ie agus tá bileog eolais de chuid Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath ar fáil le híoslódáil anseo.

Coinnigh súil amach sna nuachtáin agus leabharlanna áitiúla do thuilleadh eolais ar imeachtaí ar siúl i do cheantair i rith an tsamhraidh.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 6 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 6 years ago
Molann %d blagálaí é seo: