Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2011

Posted on: 15/07/2011

An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2011

 

an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar siúl i mbliana idir an 20-28 Lúnasa. I rith na seachtaine seo, cuirtear an t-iliomad imeachtaí ar siúl i ngach ceantair sa tír.

An rud is fearr faoi ná, bíonn an chuid is mó de na himeachtaí SAOR IN AISCE. Má tá iarsmalann, caisleán nó láithreán oidhreachta gur mhaith leat cuairt a thabhairt air, seans maith go bhfuil turas treoraithe nó imeacht éigin á eagrú ann. Mura bhfuil suim agat ina leithéid de rud, ná bí buartha, tá rogha leathan imeachtaí eile ar siúl, mar aon le léachtaí agus ceardlanna ar ábhar mar Bhéaloideas, ginealas, grianghrafadóireacht, ealaíne agus ceardaíochta agus an-chuid ábhar eile.

Tá rud éigin do gach duine, idir óg agus aosta, agus roinnt ceardlanna teaghlaigh chomh maith! Bíonn an-éileamh ar chuid de na himeachtaí agus is gá clárú dóibh roimh ré mar thoradh.

Bí cinnte go dtugann tú cuairt ar an suíomh www.heritageweek.ie anois le fáil amach céard a bheidh ar siúl i do cheantar, agus clárú d’aon imeachtaí a bhfuil suim agat iontu (roimh gach duine eile)!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Molann %d blagálaí é seo: