Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2011

Posted on: 12/08/2011

Táthar ag súil go mbeidh An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2011 ar an gceann is mó riamh i mbliana. Tá breis agus 1,300 imeacht le bheith ar siúl timpeall na tíre idir an 20-28 Lúnasa 2011.

Mar a luaigh muid i bpostáil eile sa bhlag seo cúpla seachtain ó shin, tá an chuid is mó de na himeachtaí saor in aisce! Is gá áit a chur in áirithint, áfach, do chuid acu mar go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin! Tabhair cuairt ar shuíomh www.heritageweek.ie le fáil amach cad atá ar siúl i do cheantar.

Tá raon leathan imeachtaí ar siúl thar na naoi lá, agus rogha mhaith do pháistí chomh maith. Seo thíos cuid de na himeachtaí a bheidh dírithe ar pháistí:

Baile Átha Cliath

20 Lúnasa, 1-2i.n. – Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Léann an tÚdar Tom McCaughren as a chuid leabhar buaiteacha, ina measc Run with the Wind agus Run Swift, Run Free. Saorchead isteach ach is gá áirithint.

Teagmháil: Sarah O`Connor, (01) 603 0317 nó soconnor@nli.ie.

Corcaigh

27 Lúnasa, 3-4i.n. – Caisleán Chúirt an Bharraigh, Carraig Thuathail

Tóraíocht taisce do pháistí i ngairdíní agus úllord Chaisleán Chúirt an Bharraigh. Uimhreacha teoranta.

Teagmháil: Shirley Lougheed, charlesfort@opw.ie

Ciarraí

20 agus 27 Lúnasa, 10r.n.-4i.n. – Músaem Contae Chiarraí, Halla Cuimhneacháin an Áisigh, Sráid Denny, Trá Lí

Bain creatlach as an talamh agus imfhiosraigh dúnmharú meánaoiseach. Ceardlann tochailte mórspéise lenár seandálaí cnámh! Réamháirithint molta ar eagla na heagla.

Teagmháil: Músaem Contae Chiarraí, (066) 7127777 nó education@kerrymuseum.ie

Gaillimh

20 agus 27 Lúnasa, 2-4i.n. – Páirc Náisiúnta Chonamara, Leitir Fraic

Beir leat do theidí, lón éadrom, cóta agus buataisí agus bí sa spraoi sa pháirc. Réamháirithint riachtanach.

Teagmháil: Siobhán Geoghegan Krone, (095) 41323/41054 nó siobhan.geoghegan@environ.ie

Dún na nGall

27 Lúnasa, 12-1i.n. – The Erratic Makers GalleryArcade, Príomhshráid, An Clochán Liath

Léann an tÚdar Malachy Doyle  as a chuid leabhar buaiteacha, Tales of Old Ireland, ina measc. Saorchead isteach.

Teagmháil: Pat Makinson, patmakinson2002@yahoo.co.uk

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: