Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

www.aistear.ie

Posted on: 26/08/2011

www.aistear.ie

Baineann an suíomh nua seo le scríobh na Gaeilge, ní le creatchuraclam na luath-óige, mar a cheapfá! Is é aidhm an tsuímh áiseanna teanga a chur ar fáil do dhaoine, a chabhróidh leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge scríofa.

 

Tá sé éagsúil mar shuíomh sa chaoi nach dtugtar naisc chuig foclóirí, gramadóirí, bogearraí, &rl., amháin. Tá leathanaigh éagsúla a phléann gnéithe éagsúla na teanga. Is é atá sa leathanach Cruinneas ná bunachar de na deacrachtaí agus de na botúin is coitianta sa Ghaeilge. Tá áiseanna ann chomh maith a dhíríonn ar fhorbairt scileanna aistriúcháin agus eagarthóireacht.

 

Cuirtear le hábhar an tsuímh gach mí agus cuirtear fáilte roimh mholtaí agus ábhar ón bpobal leis an suíomh a fhorbairt ar bhonn leanúnach agus a choinneáil ábhartha.

 

Is é Antain Mac Lochlainn atá mar eagarthóir ar www.aistear.ie.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: