Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

“How to speak English like the Irish”

Posted on: 03/02/2012

Benny Lewis

íomhá buíochas le http://www.fluentin3months.com/

 

Ar chuala tú faoi Benny Lewis ón gCabhán? Fear a bhfuil ocht dteanga aige agus níl sé ach 29 bliana d’aois! Bíonn sé de shíor ag iarraidh cur le méid na dteangacha atá aige agus faoi láthair tá sé i gceist aige Mandairínis a shealbhú laistigh de trí mhí!

 

Scríobhann sé blag faoi ábhair éagsúla a bhaineann le teangacha, taisteal, &rl. Tá postáil fíorspéisiúil (agus greannmhar) scríofa aige ar an mblag le déanaí faoin tionchar atá ag an nGaeilge ar an mBéarla a labhraíonn Éireannaigh – éagsúil ón ngnáth rud a labhraítear faoi, i.e. tionchar an Bhéarla ar an nGaeilge! Léigh an phostáil anseo.

 

Tá cúrsa ‘Speak from day 1’ curtha le chéile aige bunaithe ar a thaithí teangacha a shealbhú agus na bealaí is éifeachtaí le seo a dhéanamh. Tá físeán curtha le chéile aige ar an ábhar sealbhú teanga agus labhair sé ag TEDx Talk, imeacht de chuid TED.

 

Tabhair cuairt ar www.fluentin3months.com do thuilleadh eolais faoin bhfear spéisiúil seo!

Advertisements

Freagraí: 2 to "“How to speak English like the Irish”"

Grma!! 😀 Agus seo mo leabhair as Gaeilge 😉
http://www.fluentin3months.com/treoir-teanga/

FAB! Cuirfidh mé an nasc sin sa chéad eagrán eile den ár nuachtlitir.
http://www.naionrai.ie/nuachtlitir/nuachtlitir_index.ga

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: