Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Scéal na Gaeilge – Clár nua ar TG4

Posted on: 16/03/2012

Scéal na Gaeilge

Cliceáil ar an íomhá do bhlaisín den chlár

 

Dhá chlár faisnéise ar stair na Gaeilge ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann atá i Scéal na Gaeilge. Insint bhríomhar bheoga a bheidh sna cláir seo ina gcuirfear béim ar na scéalta stairiúla agus miotasacha a bhfuil an teanga ceangailte leo le stair na teanga a léiriú.

 

Beidh an scéal á chuir i láthair ag an Ollamh Alan Titley agus úsáidfear taifeadadh ag láithreacha éagsúla stairiúla in Éirinn, cúlraí scáthlán glas agus míreanna beochan chun an scéal a insint ar bhealach spraíúil fuinniúil.

 

Mar a deir léiritheoir na sraithe Ciarán Ó Coifigh, “is ionann stair na hÉireann agus stair na Gaeilge” agus tugann an tsraith léargas ar scéalta a bhaineann le laochra móra sa stair, Cú Chulainn, Naomh Pádraig, Brian Ború, Macbeth agus Dónal Ó Conaill ina measc.

 

Craolfar an chéad chlár ag 20.30, Dé Sathairn, 17 Márta agus an dara chlár ag 20.30, Dé Luain, 19 Márta.

 

– Buíochas le Gaelport agus rosg.ie

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: