Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Picnic Náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge á rith ag Comhluadar

Posted on: 25/05/2012

Lógó Chomhluadar

 

Tá picnic trí mheán na Gaeilge ar siúl ar an Domhnach, 27 Bealtaine, do thuismitheoirí ag tógáil clainne le Gaeilge.

Beidh an phríomhphicnic ar siúl i bPáirc Naomh Éanna, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath ach beidh picnicí eile á reáchtáil ar fud na tíre, ina measc, Co. Dhoire, Dún na nGall, Co. Longford, Co. Lú, Co. Mhaigh Eo agus Co. Luimnigh. Mura bhfuil do cheantair luaite, is féidir leat do phicnic féin a eagrú agus í a chlárú le Comhluadar. Tá pacáiste ar fáil le cabhrú leat picnic a chur ar siúl, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Comhluadar.

Tá fáilte roimh gach duine chuig an bPicnic Náisiúnta, cé go bhfuil sí dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil sé ar intinn acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí.

Tá sé i gceist ag Comhluadar ‘An Phicnic Náisiúnta’ a eagrú go bliantúil amach anseo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPicnic Náisiúnta ar an suíomh gréasáin www.comhluadar.ie

Is eagraíocht í Comhluadar a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: