Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

An Phicnic Mhór do Barretstown le hAvonmore

Posted on: 03/08/2012

Barretstown

Mí Lúnasa atá ann anois agus táim cinnte go mbeidh an ghrian ag teacht amach ag staid éigin an mhí seo! Má tá smaoineamh ag teastáil faoi céard le déanamh nuair a thagann an dea-aimsir (smaoinigh go dearfach agus tarlóidh sé!), cad faoi phicnic a chur ar siúl agus tacú le carthanacht ag an am céanna?

Avonmore ag tacú le Barretstown trí dhaoine a spreagadh picnicí a chur ar siúl timpeall na tíre agus airgead a bhailiú do Barretstown – The Avonmore Big Picnic for Barretstown. Anuraidh cuireadh na céadta picnic ar siúl agus tá siad ag súil go mbeidh an rath céanna orthu arís i mbliana, in ainneoin na haimsire.

Le Picnic Mhór a eagrú agus tacaíocht a thabhairt do Barretstown, ní mór clárú ar líne ar bigpicnic.ie, dáta a roghnú agus cuiridh a chur amach chuig daoine! Seolfaidh Avonmore pacáiste chugat lán le rudaí le cabhrú leat picnic den scoth a chur ar siúl idir smaointe do chluichí, oidis, cuiridh agus póstaer. Beidh eolas sa phacáiste chomh maith ó thaobh conas an t-airgead a bhailítear le linn na picnice a chur ar ais chuig Barretstown.

Déanann Barretstown obair den scoth do pháistí le galair thromchúiseacha (agus dá dteaghlaigh) trí chláir speisialta a reáchtáil dóibh i gCill Dara. Tá tuilleadh eolais faoi Barretstown ar fáil ar www.barretstown.org.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: