Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Seachtain Oidhreachta Náisiúnta

Posted on: 17/08/2012

An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2012

An gcreidfeá go bhfuil bliain iomlán imithe ó bhí an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ann anuraidh? Mise ach oiread, ach tá an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta tagtha arís agus tá níos mó imeachtaí ar siúl idir 18-26 Lúnasa ná riamh! Is deis iontach do dhaoine í an tseachtain seo foghlaim faoi ghnéithe éagsúla dár n-oidhreacht náisiúnta agus bheith páirteach ann len í a chaomhnú do na glúine atá le teacht.

I measc imeachtaí éagsúla i réimsí mar bhéaloideas, stair áitiúil, ginealas, seandálaíocht, fiadhúlra, srl., beidh imeachtaí ar leith ar siúl do pháistí faoi aois 12. Beidh deis ag daoine i mbliana don chéad uair riamh, cuairt a thabhairt ar fhoirgnimh agus ionaid atá dúnta don phobal de ghnáth, m.s. Free Masons Hall i mBÁC; Mercy Order Gardens, Corcaigh; Brownhall Building Conservation, Dún na nGall agus Stradbally Hall House i gCo. Laoise.

Tá mórchuid de na 1,500 imeacht saor in aisce ach tá costas beag i gceist do chuid acu agus tá gá le háirithintí a dhéanamh do chuid de na turais chomh maith. Déan cinnte go mbreathnaíonn tú ar shuíomh www.heritageweek.ie le cinntiú nach gcailleann amach ar imeacht ar bith! Tá eolaire úsáideach ann le cabhrú le húsáideoirí imeachtaí a roghnú de réir contae, ábhar agus dáta.  Tuilleadh eolais ar www.heritageweek.ie.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: