Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Moltaí á gcur chun cinn ag Gaelscoileanna maidir le pleananna Ruairí Quinn rialachán a chur faoin gcleachtas iontrála i scoileanna na tíre

Posted on: 23/05/2013

Tá moltaí á gcur chun cinn ag ár gcairde ag Gaelscoileanna mar gheall ar an dréacht bhille atá idir lámha ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, rialachán a chur faoin gcleachtas iontrála i scoileanna na tíre, lena n-áirítear scoileanna lán-Ghaeilge idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. 

Is mian le Quinn deireadh a chur leis an chleachtas ina dtugann scoileanna lán-Ghaeilge tús áiteanna do theaghlaigh lán-Ghaeilge, agus córas aonchineálacha á mholadh aige. Measann Gaelscoileanna nach dtógann an córas nua atá á moladh cosaint sainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh.

Tá cleachtais agus polasaithe éagsúla i bhfeidhm i scoileanna Lán-Ghaeilge faoi láthair maidir le cúrsaí iontrála agus an Ghaeilge : tugann roinnt dóibh tús áite do pháistí ó theaghlaigh Gaeilge, tugann scoileanna eile tús áite do leanaí ó theaghlaigh a léiríonn tiomantas i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge , agus tá scoileanna áirithe ann nach gcuireann ceist na teanga san áireamh.

Creideann Gaelscoileanna gur chóir go mbeadh sé de cheart ag scoileanna lán-Ghaeilge an próiseas iontrála a úsáid chun an sainmheon teanga a chosaint. I measc na moltaí atá á gcur chun cinn ag Gaelscoileanna sonraíonn siad gur chóir go mbeadh rogha ag na scoileanna tús áite do thabhairt do pháistí ó theaghlaigh lán-Ghaeilge sa phróiseas rollaithe agus go mbeadh sé de cheart ag iar-bhunscoileanna tús áite a thabhairt do pháistí a d’fhreastail ar bhunscoil lán-Gaeilge. Tá FNT ag tacú le Gaelscoileanna maidir leis an saincheist seo.

Ba mhaith le FNT an deis seo a thógáil freisin chun comhghairdeas a ghabháil lenár gcairde ag Gaelscoileanna a bheas ag ceiliúradh 40 bliain mar eagras i mbliana ag an Chomhdháil Bhliantúil. Beidh an Chomhdháil acu ar siúl ar an 22 agus 23 Samhain in Óstán an Johnstown House, Co. na Mí agus beidh an t-Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn i láthair leis an chloch míle speisialta seo a cheiliúradh leo. Is léir go bhfuil obair luachmhar déanta ag Gaelscoileanna le blianta beaga anuas agus tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ag an gComhdháil lena n-éachtaí a cheiliúradh leo.  

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: