Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Baol ann go gcaillfidh an earnáil chúram leanaí amach ar dheis shóisialta agus gheilleagrach

Posted on: 05/06/2013

Cé go bhfuil an earnáil chúram leanaí go mór faoi chaibidil le seachtain anuas, tá muid ar tí bun-shaincheist a bhaineann leis an ngéarchéim seo a sheachaint, dar le Michael Taft, Oifigeach Taighde le Unite the Union. Is í an tsaincheist sin ná go gcoinneoidh samhail na hearnála príobháidí seirbhís ar ardchaighdeán as acmhainn an ghnáth-tuismitheora agus go ndéanfaidh sí bonn a bhaint de chaighdeán chúram leanaí i gcoitinne. 

Tá go leor daoine i ndiaidh labhairt amach in éadan chóras chúram leanaí maoinithe ag an bpobal. D’fhéadfadh costas billiún euro a bheith le córas dá leithéid atá ar chomhchéim leis na córais atá i bhfeidhm i dtíortha eile san Eoraip dar le duine amháin a bhí ar chlár Pat Kenny ar an tseachtain seo chaite. Níl Taft ar aon tuairim leo áfach. 

Tá costais chúram leanaí Éireann ar na costais is airde san Eoraip cheana. Tá seo tarlaithe mar go bhfuil muid ag brath ar chóras margadhbhunaithe , neamhchosúil le tíortha eile – áit a bhfuil cúram leanaí, cosúil leis an oideachas go ginearálta, in sheirbhís phoiblí soláthartha faoi ráta an mhargaidh. 

D’fhéadfadh torthaí dearfacha suntasacha a bheith ar infheistíocht phoiblí i leanaí ó thaobh geilleagair agus ó thaobh na sochaí de, dar le Taft. Maíonn sé gur fiú go mór don rialtas an deis iontach seo a thapú agus an gcaoi a bpléitear le hoideachas leanaí óga a thrasfhoirmiú. Tuilleadh míniúcháin ar thuairim Taft anseo

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: