Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Raidió G. ar na bacáin

Posted on: 11/06/2013

D’fhógair an OFCOM (Rialtóir neamhspleách agus an tÚdarás Iomaíochta do lucht na Meán sa Bhreatain) inné go bhfuil ceadúnas bronnta acu ar stáisiún raidió Gaeilge nua i Machaire Rátha i ndeisceart Chontae Dhoire.

Déanfaidh Raidió G, stáisiún amháin as an gcúig chinn ar bronnadh ceadúnas inné orthu, freastal ar phobal na Gaeilge agus ar lucht an Bhéarla a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá an-dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge sa cheantar sin le cúpla bliain anuas.

Fógraíodh freisin go mbeadh stáisiún nua ‘Ullans’ / Albainis Uladh bunaithe i mBaile Monaidh, Co. Aontroma, croí-cheantar na hAlbainise i gcónaí in Ultaibh.

Tá sé de nós ag an Rialtas ó thuaidh cinntiú go bhfuil an dá theanga seo ar chomhchéim i gcónaí – rud a chuireann as do go leor Gaeilgeoirí, a chreideann nach bhfuil san Albainis Uladh ach canúint seachas teanga. Is coimhlint teanga í seo a théann siar píosa agus is féidir tuilleadh a léamh faoi anseo.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Molann %d blagálaí é seo: