Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Borradh faoi ‘Líofa 2015’

Posted on: 02/07/2013

Tá ceithre mhíle duine i ndiaidh clárú leis an bhfeachtas Gaeilge ó thuaidh Líofa, a chur an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, ar bun mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2013.

Tá sé mar sprioc ag an bhfeachtas seo cúig mhíle duine a spreagadh chun líofachta faoin bhliain 2015 – is cuma cé acu creideamh nó cúlra lena mbaineann siad. 

Agus í ag déanamh tráchta don fheachtas bhí an méid a leanas le rá ag an tAire le Nuacht 24,

“Is í an Ghaeilge ár dteanga agus tá sí mar pháirt dár gcultúr agus dár n-oidhreacht…Cé go bhfuil Líofa pearsanta mar ghealltanas agus mar sprioc, cuideoimid le d’eispéireas foghlama a stiúradh agus cuirfimid eolas faoi ranganna Gaeilge agus tacaíocht foghlama ar fáil duit má chláraíonn tú le tabhairt faoin dúshlán Líofa.”

Tá tuilleadh eolais faoin bhfeachtas seo le fáil ach cliceáil anseo. Is mór an trua nár thug rialtas an tSaorstáit faoina leithéid d’fheachtas i mbliana agus bliain na Gaeilge ar siúl.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.

Molann %d blagálaí é seo: