Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

An tSamhail Nua Mhaoinithe : Cúlra

Posted on: 18/07/2013

Tá an-chuid plé i meáin na Gaeilge faoi láthair mar gheall ar an Samhail Nua Maoinithe a d’fhógair Foras na Gaeilge ar an tseachtain seo chaite – samhail a thiocfaidh i bhfeidhm i lár na bliana seo chugainn. Dóibh siúd nach bhfuil eolach ar stair na Samhla, seo thíos beagán den chúlra.

Le cúpla bliain anuas tá naoi n-eagras déag in earnáil dheonach na Gaeilge ag brath ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge chun teacht i dtír agus chun leanúint lena seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Mar gheall ar chiorruithe buiséid tugadh le fios d’Fhoras na Gaeilge i 2010 go mbeadh orthu theacht ar shocrú eile maidir leis na heagrais seo a mhaoiniú.

I mí na Bealtaine 2010,d’fhógair Foras na Gaeilge samhail nua mhaoinithe a bheith ‘glanta i bprionsabal’ ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, a dhéanfadh athstruchtúrú ar an chaoi a gcuireann an Foras maoiniú ar fáil do na heagrais bhunmhaoinithe seo. Seachas leanúint le maoiniú a chur ar fáil do gach eagras acu bhí punann scéimeanna maoinithe cruthaithe ag an Fhoras, ocht gceann ar an iomlán a fhreastalódh ar chur chun cinn réimsí éagsúla den teanga. Bheadh ar na heagrais iarratais a chur isteach ar mhaoiniú, a bhainfeadh go sonrach le cur i bhfeidhm tionscadal luaite sa scéim nua. Bheadh ar na heagrais dul in iomaíocht le chéile nó comhiarratas a chur isteach ar scéim áirithe chun maoiniú a fháil as sin amach, rud a fhágfadh go mbeadh cúpla eagras acu ar a laghad ar an ngannchuid. Ní mó ná sásta a bhí an earnáil leis an tsamhail nua seo, agus chuir siad go mór ina héadan ó fógraíodh den chéad uair í. Bhí beagnach gach eagras acu den tuairim nach mbeadh siad in ann teacht slán ar an mhórathrú seo a bhí beartaithe ag an Fhoras.

Bhí sé beartaithe go mbeadh an córas nua maoinithe i bhfeidhm ina iomláine ‘idir riarachán, bhainistiú, agus mhonatóireacht leanúnach’ faoi Bhealtaine 2011, rud nár tharla mar gheall ar chur in aghaidh na hearnála agus níor tháinig deireadh leis an scéal go dtí an tseachtain seo chugainn. Chuir Foras na Gaeilge tús le próiseas comhairliúcháin eatarthu féin agus na naoi n-eagras déag i dtús Mhí Aibreán 2012 agus bhí sé i gceist go mbeadh an cás réitithe agus an tSamhail Nua i bhfeidhm faoi Mheitheamh na bliana seo, rud nár tharla. B’eigean dóibh síniú a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin. Rinne siad an chéad dhréacht den tsamhail nua mhaoinithe a leasú, bunaithe ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin sin. Cuireadh an tSamhail leasaithe os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an Déardaoin seo chugainn agus glacadh leis faoi dheireadh.

Tiocfaidh an tSamhail Nua Mhaoinithe i bhfeidhm i mí Iúil na bliana seo chugainn. Beidh sé chinn de réimsí i gceist leis an Samhail Nua seachas ocht scéim, lena n-áirítear Gaeloideachas/ Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge, an réimse lena mbaineann FNT. Tá preasráiteas an Fhorais mar gheall ar an Samhail Nua le fáil anseo 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: