Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Rátaí báis naíonán san Fhionlainn íslithe ag an “Bosca máithreachais”

Posted on: 22/07/2013

Tá dul chun chinn nach beag déanta acu san Fhionlainn ó thaobh oideachais de le blianta beaga anuas. Tá an cur chuige ar leith a bhíonn in úsáid acu maidir leis an oideachas i ndiaidh córas scoile na tíre a chruthú ar na córais is éifeachtaí timpeall na cruinne. Ach tá éacht eile bainte amach anois ag Rialtas na Fionlainne anois – tá siad i ndiaidh bealach a aimsiú leis an ráta báis naíonán sa tír a ísliú.

Chinn an Rialtas céanna 75 bliain ó shin gur chóir go mbeadh an tús céanna ag gach leanbh a thagann ar an saol, beag beann ar an gcúlra acu. Mar sin, ó na 1930í ar aghaidh tá an “bosca máithreachais” á thabhairt amach do gach bean a bhfuil ag súil le leanbh. Tá gach rud a bheas de dhíth ar mháithreacha i ndiaidh na breithe le fáil sa bhosca seo – clúidíní, táirgí folctha, mála codlata, crothal srl. san áireamh. Tá an bosca féin deartha ar bhealach speisialta fiú a ligean do thuismitheoirí é a úsáid mar a bheadh a cliabhán ann.

Creidtear go bhfuil dlúthnasc ann idir an smaoineamh nuálach seo agus rátaí báis naíonán a bheith íslithe san Fhionlainn. Is fiú a lua go bhfuil rátaí báis naíonán san Fhionlainn ar na rátaí báis is ísle ar fud an domhain. Tuilleadh ar an scéal seo anseo

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: