Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Posts Tagged ‘An Ghaeilge

A chairde,

Seo an chéad chaibidil i sraith blaga faoi conas naíonra a bhunú i do cheantar.

Tá liosta de chritéir gur gá a chomhlíonadh de réir an dlí ar fáil sna Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006:

Leagan Gaeilge

Leagan Béarla

Tar éis léamh trí na rialacháin úd, ba chóir teagmháil a dhéanamh hoifig áitiúil réamhscolaíocht an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá sonraí teagmhála na hoifigí seo ar fáil anseo.

Ba chóir go ndeileálfá leo ar son an Naíonra trí Ghaeilge.

Má tá tú mí-chinnte faoi do cheart teanga nó má sháraítear iad agus tú ag pléigh comhlacht poiblí ar bith, an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh is féidir breis eolais agus/nó sonraí teagmhála Oifig an Choimisinéara Teanga a fháil anseo.

__________________

I gCaibidil 2 déanfar plé ar na cáilíochtaí atá ag teastáil le feidhmiú i Naíonra: Cáilíocht CDBÓ / FETAC.

Advertisements

Ráiteas an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta: ar fáil anseo

FNT: Ní a fhios againn go fóill cén tionchar a bhéas ar na ciorruithe seo ar bhunmhaoiniú FNT ó POBAL. Tá a fhios againn go n-ísleofar ár mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge 10% go dtí mí Márta 2010 tar éis sin…

Ráiteas an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Barry Andrews: ar fáil anseo (as béarla amháin)

Leas Sóisialach: Leanaí

Laghdófar rátaí Sochair Linbh de €16 sa mhí ó Eanáir 2010, mar sin is €150 sa mhí a bheidh san ísealráta, agus €187 sa mhí san ardráta.

Le héifeacht ó 1 Eanáir 2010 ardófar de €3.80 in aghaidh na seachtaine an ráta maidir le Leanbh Cáilithe.

Ardófar tairseacha Forlíontacha ar Ioncam Teaghlaigh (FIS) de €6 in aghaidh na seachtaine i ndáil le gach leanbh. +14

Sláinte & Leanaí

An Roinn Sláinte agus Leanaí
Tá laghduithe á ndéanamh ag an Roinn ar chaiteachas neamhphá agus ar chaiteachas a gcuid gníomhaireachtaí a mhaoinítear go díreach.

FNT: Níl soiléir dúinn go fóill cén tionchar a bhéas aige seo do na coistí contaetha cúraim leanaí nó d’Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

An Clár Infheistíochta Náisiúnta um Chúram Leanaí (NCIP)
Beidh coigiltis ar chaiteachas ar an Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí (CCSS) de bharr athruithe ar an Scéim sin le héifeacht ó Mheán Fómhair 2010.

FNT: Beidh tionchar tromchúiseach aige seo ar na naíonraí atá ag baint leas as an fhóirdheontas seo i gcomhthéacs srianta an tsaorbhliain réamhscolaíochta ar ardú tháillí do na páistí sin.

Achoimre iomlán ar Bhearta Buiséid 2010: Athrú Beartais

Leagan Gaeilge

Leagan Béarla

Seo a leanas roinnt físeáin eolais faoin gcóras gaelscolaíochta. Tá na físeáin seo dátheangach (go pointe) agus tá siad an-spéisiúil mar sin moltar go láidir iad a scaipeadh ar an méid is mó daoine agus ar thuismitheoirí ach go háirithe.
Cad is Gaelscolaíochta ann? / What is Irish/Gaelic-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=TWYqbttTIHA

Dearcaidh ó thuismitheoirí, daltaí agus iardhaltaí ar an ngaelscolaíocht / Parent, pupil and past pupil views of Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=9y_2gjrj-go

Buntáistí na Gaelscolaíochta Advantages of Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=Vrnhsg0ywB4

Ceisteanna Coitianta faoin nGaelscolaíocht / Frequently asked questions in relation to Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=0DceQzGTOIU

Cuireadh na físeáin seo le chéile ag Comhairle na Gaelscolaíochta, GAELSCOILEANNA TEO., agus Forbairt Naíonraí Teoranta. Maoiníodh an togra seo le tacaíocht ón Iontaobhas Ultach, Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus an Aontas Eorpach.

Cúrsaí Athnuachana Garchabhracha

Mar eolas, mar gheall ar an aimsir agus ar an dara stailc féideartha beidh athruithe leis na dátaí do na cúrsaí athnuachana garchabhracha

Níl scéal faighte againn ó go leor naíonraí ag an staid seo. Tá sé tábhachtach go mbeidh uimhreacha cinntithe againn chun na socruithe cuí a dhéanamh.

Dátaí athruithe do roinnt de na cúrsaí athnuachana garchabhracha:

 

Baile Locha Riach: Mar an gcéanna.

Dé Máirt, 1 Nollaig 2009. 9.30 – 1.00i.n Óstán Bhaile Locha Riach

 

Corcaigh: (Dáta athruithe de dheasca na tuilte)

Dé Luain, 7 Nollaig 2009. 9.30 – 1.00i.n. Cork City Childcare Company Ltd., 29 Penrose Wharf, Corcaigh

 

Luimneach: (Mar an gcéanna)

Dé Céadaoin, 9 Nollaig 2009, 10.00 – 6.00i.n.

Áras Chonradh na Gaeilge, Halla Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach.

 

Baile Átha Cliath: (Má théann an dara stailc ar aghaidh cuirfear an cúrsa lae seo ar athló seachtaine nó mar sin)

Déardaoin, 3 Nollaig 2009, 10.00 – 6.00i.n., Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, B.Á.C. 9.

 

Sligeach: (mar an gcéanna)

Déardaoin 10 Nollaig 2009, 10-1.00i.n. Óstán Glasshouse, Swan Point, Sligeach, Co. Shligigh.

 

 

Scéim Saorbhliain Réamhscolaíochta (ECCE)

Fuair muid roinnt fiosruithe isteach faoin scéim saorbhliain réamhscolaíochta.

Dar le pointe 4 d’Imlíne na Téarmaí agus Coinníollacha is gá do naíonraí clárú mar chomhlacht/chuideachta theoranta, mar thrádálaí aonair, mar chomhpháirtíocht nó mar Bhord Bainistíochta Scoile.

I dtaca le Bord Bainistíochta Scoile baineann seo le dul faoi chúram Bord Bainistíochta Scoile reatha – ní féidir le naíonra clárú mar bhord bainistíochta scoile leo féin.

4.         Ní mór (is gá) go mbeadh seirbhísí ag trádáil mar thrádálaí aonair, comhpháirtíocht, cuideachta dliteanais teoranta nó Bord Bainistíochta Scoile agus ní mór go léireoidís géilliúntas cánach trí Dheimhniú Imréiteach Cánach suas le dáta a sholáthar.

Leagan Gaeilge ar fáil anseo.

Leagan Béarla ar fáil anseo.

 

Moltar comhairle a lorg ó do dhlíodóir nó do chuntasóir faoin bpróiseas seo.

Breis eolais ar fáil chomh maith ó shuíomh Citizens Information.

 

 

Moltaí an Bhoird Snip Nua: Feachtas Guth na Gaeltachta (& na Gaeilge)

Cúnamh tacaíochta á lorg ó phobal na Gaeltachta.

Breis eolais anseo.


Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Leagan Gaeilge ar fáil anseo.

Leagan Béarla ar fáil anseo.

Alt faoi san Irish Times inniu.

Ó Gaelport.com

D’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidin inniu. Tá an cáipéis ar fáil le híoslódáil anseo.
Moltar go ndéanfaí athstruchtúrú bunúsach ar ghníomhaireacht Ghaeilge atá ann cheana féin – Údarás na Gaeltachta go gníomhaireacht Ghaeilge nua “náisiúnta” – Údarás na Gaeilge.

Leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a fhreagrachtaí reachtúla “mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán. Anuas ar sin, in ainneoin na moltaí a rinneadh i dTuarascáil an Bhoird Snip Nua, beidh Aire Sinsearach agus Roinn Rialtais  ar a mbeidh lánfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann.

I dtaca leis na naíonraí de, bunaítear téacs an straitéis ar Ráiteas Físe an Rialtais i leith na Gaeilge, 2006 agus go príomhá:

“Cuspóir 7:

Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.”

Déantar tagairt don réamhscolaíocht (lán-Ghaeilge) sa Straitéis i lch 18.

“Cláir thacaíochta do thuismitheoirí agus don réamhscolaíocht
Is gnéithe tábhachtacha ó thaobh borradh a chur faoin nGaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna blianta luatha is éasca teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeadh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit.

Éascófar saoráidí cúraim leanaí agus réamhscoile le gné Ghaeilge a thairiscint agus le timpeallacht a bheidh fabhrach i leith na Gaeilge a chruthú do na leanaí óga, trí, mar shampla, tacaí a chur ar fáil mar DVDanna Gaeilge a bheidh dírithe ar leanaí óga agus rannta agus cluichí naíonán i nGaeilge. Is é an fócas a bheidh ann go sonrach ná a chinntiú go mbeidh soláthar déanta do naíonraí i ngach áit ina mbeidh bunscoil lánGhaeilge agus in áiteanna eile ina mbeidh éileamh.

Teastóidh athdhaingniú ar a gcuid litearthachta i nGaeilge ó thuismitheoirí le go mbeidh siad ábalta leanúint ag tacú le foghlaim na Gaeilge ó thaobh a gcuid leanaí le linn bhlianta na bunscoile. Tá tábhacht leis an oiliúint sin freisin ó thaobh daoine gairmiúla eile a bhíonn i mbun cúraim agus oideachais agus leathnófar í go hoibrithe cúraim lae, oibrithe i naíolanna agus daoine i gcumainn phobail, go háirithe in áiteanna ina bhfuil céatadán measartha den phobal ina gcainteoirí Gaeilge.”

 

Pléifidh baill an Oireachtais agus an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go luath í.

oinse_indo_
Beidh “Foinse” nua, atheagraithe mar fhorlíonadh ar fáil laistigh do chuile cheann de na 150,000+ cóip clóite don Irish Independent gach Dé Céadaoin ón seachtain seo ar aghaidh.

Emer Ní Chéidigh atá ceaptha mar eagarthóir nua ar an bhforlíonadh.

Buntáiste mór don fhorlíonadh ná go mbeidh deis acu lucht léitheoireachta náisiúnta ar scála i bhfad níos mó ná mar a bhí indéanta roimhe seo le tacaíocht dáileacháin agus eile an Irish Independent.

Tá cloiste ag baill foirne an eagraíocht seo ó dhaoine nach cainteoirí laethúla Gaeilge iad atá ag súil go mór le hiarracht a dhéanamh an fhorlíonadh a léamh.

Molann muid dóibh siúd, más tuismitheoirí naíonraí iad nó eile go bhfuil uirlisí tacaíochta Gaeilge ar fáil ar líne www.focal.ie nó ar do fhón póca www.getthefocal.com

Sa chéad eagráin beidh:
  • leideanna faisean ar fáil ó láithreoir Paisean Faisean, Bláthnaid Ní Dhonnchadha,
  • blag ón lúthchleasaí raoin agus faiche
  • léargas ar Thuras na Leoin (Lions Tour) ó Hector Ó hEochagáin.
Beidh ailt seachtainiúla ó leithéid Daithí Ó Sé (TG4),  M.P. Ó Conaola agus Gemma Ní Chionnaith (AnochtFM).
Beidh rannóg speisialta dírithe orthu siúd le fíorbheagán Gaeilge, “Cúpla Focal”.

Beidh Foinse sa Rang ar ais arís le 7 leathanaigh dírithe orthu siúd sa chóras oideachais sa bhun agus san iarbhunleibhéal.

Breis eolais:

Alt san Independent inniu faoin fhorlíonadh nua lán-Ghaeilge, Foinse.

Chomh maith, tá an scéal clúdaithe ag Concubhar Ó Liatháin (iareagarthóir Lá Nua) ina mblag inniu.

O_CuivÉamon Ó Cuív TD

An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Seimineár an Oireachtais 2009

“An Ghaeilge: An Fiche Bliain Romhainn”

Dé  Sathairn 31 Deireadh Fómhair 2009

Is cúis áthais agus onóra dom a bheith in bhur láthair ar maidin in Óstán Mount Errigal do Sheimineár an Oireachtais 2009.  Mo bhuíochas do lucht eagraithe na hócáide seo agus go mór leis an Uasal Julian de Spáinn as ucht an cuireadh a bheith mar aoi chainteoir ag an seimineár. Tá an téama atá roghnaithe don seimineár i mbliana fíor spéisiúil agus glacaim leis go raibh baint  nach beag ag an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá á hullmhú ag an Rialtas faoi láthair le roghnú an téama sin.

Straitéis 20 bliain don Ghaeilge

Mar is eol daoibh tá muid i bpróiseas ullmhúchán i leith an Straitéis le tamall anuas agus tá súil go mbeidh an doiciméad críochnaithe sár a bhfad.  Tuigfidh sibh mar sin nach féidir liom dul isteach go mion i sonraí na Straitéise go dtí go mbeidh sé aontaithe ag an Rialtas. Is féidir liom a rá go dtabhfaidh sé le chéile i doiciméad amháin gníomhaíochtaí i réimsí éagsúla don saol a bheidh chun tairbhe do dhaoine gur mian leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge agus dóibh siúd gur mian leo an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil chun a chinntiú go mbeidh an oiread daoine agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.   Go bunúsach beidh an Straitéis mar mhapa bóthair don treo ceart ar aghaidh, clúdóidh sé réimse ar nós an Ghaeilge sa teaghlach, sa phobal, sa chóras oideachais, fáil ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus mar sin de.

Beidh an Straitéis tógtha ar na 13 cuspóir atá luaite i Ráiteas polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh i mí na Nollag 2006. Tríd an Ráiteas seo dearbhaíonn an Rialtas a dtacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Clúdaíonn na cuspóirí réimsí ar nós Stádas Oifigiúil, an Ghaeltacht, Oideachas, Craolachán, an tAontas Eorpach & rl.

Is é  an príomh aidhm a bheidh ag an Straitéis ná go seachadfar an Ghaeilge ó ghlúin go glúin agus go fad-téarmach go mbeadh sé seo á dhéanamh go nádúrtha sa teaghlach.  Tá sé aitheanta ar fud an domhain gur í seo an príomhcheist gur gá dul i ngleic lei má tá teangacha neamhfhorleathana ar nós an Ghaeilge le tabhairt slán. Cé go dtugann tuismitheoirí faoi roghnú teanga dá bpáistí le deá thoil bíonn deacrachtaí nach beag le sárú acu má roghnaíonn said Gaeilge mar phríomh theanga teaghlaigh. Tá súil tríd na hidirghabhálacha a bheidh sa Straitéis go dtabhfaidh sé spreagadh agus tacaíocht do thuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge.  Cé gur sa Ghaeltacht is mó a bhí an rogha seo le déanamh go dtí seo táthar ag súil go mbeidh an cinneadh seo á dhéanamh níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht le cúnamh agus tacaíochtaí na Straitéise.

Go traidisiúnta bhí idirdhealú déanta idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht ó thaobh na teanga de ach anois tá sé níos soiléire nach mhairfidh an Ghaeilge má táthar ag brath ar an Ghaeltacht amháin le í a choinneáil beo. Chomh maith le sin ní leathnóidh úsáid na Gaeilge ar fud na tíre gan tacú na Gaeltachta.  Tóg mar shampla na Coláistí Gaeilge, ceann de na eiseamláir is fearr don tacaíocht dearfach atá idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht, ní féidir leis na Coláistí maireachtáil gan na daltaí a thagann chugtha ó cheantair éagsúla ar fud na tíre agus ní féidir an timpeallacht foghlama céanna a chruthú do na daltaí seo i n-aon áit eile seachas sa Ghaeltacht.

Tá an méid Gaeilge atá á labhairt taobh amuigh den Ghaeltacht ag méadú de shíor. Tá eolas again ar fad ar cheantair i gcathracha nó i gceantair uirbeacha eile a bhfuil Gaeilge láidir iontu, is minic go bhfásann na gréasáin seo i gceantair a bhfuil gaelscoileanna agus scoileanna lán-Ghaeilge bunaithe iontu le blianta agus go bhfuil an tionchar dearfach atá acu ar an bpobal trí chéile ó thaobh na teanga de. Ag ullmhú an Straitéis táthar tar éis aird speisialta a thabhairt ar na gréasáin seo. Beidh aitheantas á thabhairt do phobail uirbeacha a bhfuil bunstruchtúr láidir Gaeilge iontu, struchtúr ar nós oideachas, seirbhísí óige, agus seirbhísí pobal eile & rl.  Chomh maith le seirbhísí tacaíochta a bheith ar fáil do na ceantair a bhfuil dóthain mais chriticiúil iontu táthar chun forbairt a dhéanamh ar ionaid acmhainní a thabhfaidh deiseanna don phobal páirt a ghlacadh i gníomhaíochtaí a bheidh Gaeilge-lárnaithe agus a chuireadh le deiseanna sóisialta do dhaoine i ngach aois-ghrúpa lena gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh do chóras foirmiúil.

Mar is eol daoibh foilsíodh Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2007 agus tá sé i gceist go mbeidh moltaí maidir le neartú na Gaeltachta áirithe sa Straitéis. Bhí molta sa staidéar go mbeadh stádas na Gaeltachta bunaithe ar chritéar teanga agus chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail gur gá forbairt a dhéanamh ar chóras pleanála teanga ag leibhéal an phobail.

Tuigim gur athrú mór é seo ón sainmhíniú atá againn ar an Ghaeltacht faoi láthair atá bunaithe ar teorainn tíreolaíocht ach ní gá do dhaoine a bheith imníoch gur cailliúint stádas a bheidh i gceist do cheantracha áirithe má chuirtear i bhfeidhm é.  Tá mé cinnte go bhfuil sibh ar an eolas faoi an obair mhaith a bhí á dhéanamh sna pobail éagsúla tríd na scéimeanna pleanála teanga áitiúil le roinnt blianta anuas agus is féidir libh glacadh leis go ról lárnach ag gníomhaíochtaí den saghas seo i dtodhchaí na Gaeltachta

Ní amháin go mbeidh an Straitéis ag díriú orthu siúd atá ag úsáid na teanga ar bhonn rialta faoi láthair ach táthar ag súil go dtabhfaidh sé spreagadh dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge nó dóibh siúd atá ag iarradh a scileanna Gaeilge a fhorbairt agus ag iarradh páirt gníomhach a thógáil i saol sóisialta, eacnamaíochta agus oideachais trí Ghaeilge .

Tá sé  ráite agam cheanna gur é an sprioc atá leis an Straitéis ná go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil roimh a thiocfaidh deiridh le tréimhse na Straitéise.  De réir daonáirimh 2006 tá cumas áirithe Gaeilge ag 42% de dhaonra na hÉireann, is ionann é seo agus 1.6 milliún duine atá os cionn 3 bliana d’aois. Cé gur staitistic dearfach é seo, sa daonáirimh céanna tuigtear dúinn gur í an Ghaeilge an príomh theanga pobail a úsáideann 3% de dhaonra na tire sin thart ar 83,000 duine.  Is léir mar sin go bhfuil obair mhór romhainn má táthar chun an sprioc a bhaint amach.

Is plean Stát a bheidh anseo a bhfuil lán tacaíocht an Stát taobh thiar dó, beidh spriocanna ann a chuirfidh dúshlán faoin Rialtas agus faoin bpobal chun an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.  Mar a dúirt an Taoiseach Brian Cowen agus é ag oscailt an Ionad Tacaíocht Teaghlaigh in Indreabhán le déanaí, tá an Straitéis bunaithe ar spiorad na ndaoine agus an bród atá ag an bpobal ina dteanga agus le comhoibriú idir an Stát agus an pobal tá súil go mbeidh fás ag borradh leis an teanga nuair a thagann deiridh le tréimhse an Straitéis i gceann 20 bliain.


Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements