Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Posts Tagged ‘Bord Snip

Ráiteas an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta: ar fáil anseo

FNT: Ní a fhios againn go fóill cén tionchar a bhéas ar na ciorruithe seo ar bhunmhaoiniú FNT ó POBAL. Tá a fhios againn go n-ísleofar ár mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge 10% go dtí mí Márta 2010 tar éis sin…

Ráiteas an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Barry Andrews: ar fáil anseo (as béarla amháin)

Leas Sóisialach: Leanaí

Laghdófar rátaí Sochair Linbh de €16 sa mhí ó Eanáir 2010, mar sin is €150 sa mhí a bheidh san ísealráta, agus €187 sa mhí san ardráta.

Le héifeacht ó 1 Eanáir 2010 ardófar de €3.80 in aghaidh na seachtaine an ráta maidir le Leanbh Cáilithe.

Ardófar tairseacha Forlíontacha ar Ioncam Teaghlaigh (FIS) de €6 in aghaidh na seachtaine i ndáil le gach leanbh. +14

Sláinte & Leanaí

An Roinn Sláinte agus Leanaí
Tá laghduithe á ndéanamh ag an Roinn ar chaiteachas neamhphá agus ar chaiteachas a gcuid gníomhaireachtaí a mhaoinítear go díreach.

FNT: Níl soiléir dúinn go fóill cén tionchar a bhéas aige seo do na coistí contaetha cúraim leanaí nó d’Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

An Clár Infheistíochta Náisiúnta um Chúram Leanaí (NCIP)
Beidh coigiltis ar chaiteachas ar an Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí (CCSS) de bharr athruithe ar an Scéim sin le héifeacht ó Mheán Fómhair 2010.

FNT: Beidh tionchar tromchúiseach aige seo ar na naíonraí atá ag baint leas as an fhóirdheontas seo i gcomhthéacs srianta an tsaorbhliain réamhscolaíochta ar ardú tháillí do na páistí sin.

Achoimre iomlán ar Bhearta Buiséid 2010: Athrú Beartais

Leagan Gaeilge

Leagan Béarla

Cúrsaí Athnuachana Garchabhracha

Mar eolas, mar gheall ar an aimsir agus ar an dara stailc féideartha beidh athruithe leis na dátaí do na cúrsaí athnuachana garchabhracha

Níl scéal faighte againn ó go leor naíonraí ag an staid seo. Tá sé tábhachtach go mbeidh uimhreacha cinntithe againn chun na socruithe cuí a dhéanamh.

Dátaí athruithe do roinnt de na cúrsaí athnuachana garchabhracha:

 

Baile Locha Riach: Mar an gcéanna.

Dé Máirt, 1 Nollaig 2009. 9.30 – 1.00i.n Óstán Bhaile Locha Riach

 

Corcaigh: (Dáta athruithe de dheasca na tuilte)

Dé Luain, 7 Nollaig 2009. 9.30 – 1.00i.n. Cork City Childcare Company Ltd., 29 Penrose Wharf, Corcaigh

 

Luimneach: (Mar an gcéanna)

Dé Céadaoin, 9 Nollaig 2009, 10.00 – 6.00i.n.

Áras Chonradh na Gaeilge, Halla Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach.

 

Baile Átha Cliath: (Má théann an dara stailc ar aghaidh cuirfear an cúrsa lae seo ar athló seachtaine nó mar sin)

Déardaoin, 3 Nollaig 2009, 10.00 – 6.00i.n., Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, B.Á.C. 9.

 

Sligeach: (mar an gcéanna)

Déardaoin 10 Nollaig 2009, 10-1.00i.n. Óstán Glasshouse, Swan Point, Sligeach, Co. Shligigh.

 

 

Scéim Saorbhliain Réamhscolaíochta (ECCE)

Fuair muid roinnt fiosruithe isteach faoin scéim saorbhliain réamhscolaíochta.

Dar le pointe 4 d’Imlíne na Téarmaí agus Coinníollacha is gá do naíonraí clárú mar chomhlacht/chuideachta theoranta, mar thrádálaí aonair, mar chomhpháirtíocht nó mar Bhord Bainistíochta Scoile.

I dtaca le Bord Bainistíochta Scoile baineann seo le dul faoi chúram Bord Bainistíochta Scoile reatha – ní féidir le naíonra clárú mar bhord bainistíochta scoile leo féin.

4.         Ní mór (is gá) go mbeadh seirbhísí ag trádáil mar thrádálaí aonair, comhpháirtíocht, cuideachta dliteanais teoranta nó Bord Bainistíochta Scoile agus ní mór go léireoidís géilliúntas cánach trí Dheimhniú Imréiteach Cánach suas le dáta a sholáthar.

Leagan Gaeilge ar fáil anseo.

Leagan Béarla ar fáil anseo.

 

Moltar comhairle a lorg ó do dhlíodóir nó do chuntasóir faoin bpróiseas seo.

Breis eolais ar fáil chomh maith ó shuíomh Citizens Information.

 

 

Moltaí an Bhoird Snip Nua: Feachtas Guth na Gaeltachta (& na Gaeilge)

Cúnamh tacaíochta á lorg ó phobal na Gaeltachta.

Breis eolais anseo.


Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Leagan Gaeilge ar fáil anseo.

Leagan Béarla ar fáil anseo.

Alt faoi san Irish Times inniu.

O_CuivÉamon Ó Cuív TD

An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Seimineár an Oireachtais 2009

“An Ghaeilge: An Fiche Bliain Romhainn”

Dé  Sathairn 31 Deireadh Fómhair 2009

Is cúis áthais agus onóra dom a bheith in bhur láthair ar maidin in Óstán Mount Errigal do Sheimineár an Oireachtais 2009.  Mo bhuíochas do lucht eagraithe na hócáide seo agus go mór leis an Uasal Julian de Spáinn as ucht an cuireadh a bheith mar aoi chainteoir ag an seimineár. Tá an téama atá roghnaithe don seimineár i mbliana fíor spéisiúil agus glacaim leis go raibh baint  nach beag ag an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá á hullmhú ag an Rialtas faoi láthair le roghnú an téama sin.

Straitéis 20 bliain don Ghaeilge

Mar is eol daoibh tá muid i bpróiseas ullmhúchán i leith an Straitéis le tamall anuas agus tá súil go mbeidh an doiciméad críochnaithe sár a bhfad.  Tuigfidh sibh mar sin nach féidir liom dul isteach go mion i sonraí na Straitéise go dtí go mbeidh sé aontaithe ag an Rialtas. Is féidir liom a rá go dtabhfaidh sé le chéile i doiciméad amháin gníomhaíochtaí i réimsí éagsúla don saol a bheidh chun tairbhe do dhaoine gur mian leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge agus dóibh siúd gur mian leo an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil chun a chinntiú go mbeidh an oiread daoine agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.   Go bunúsach beidh an Straitéis mar mhapa bóthair don treo ceart ar aghaidh, clúdóidh sé réimse ar nós an Ghaeilge sa teaghlach, sa phobal, sa chóras oideachais, fáil ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus mar sin de.

Beidh an Straitéis tógtha ar na 13 cuspóir atá luaite i Ráiteas polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh i mí na Nollag 2006. Tríd an Ráiteas seo dearbhaíonn an Rialtas a dtacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Clúdaíonn na cuspóirí réimsí ar nós Stádas Oifigiúil, an Ghaeltacht, Oideachas, Craolachán, an tAontas Eorpach & rl.

Is é  an príomh aidhm a bheidh ag an Straitéis ná go seachadfar an Ghaeilge ó ghlúin go glúin agus go fad-téarmach go mbeadh sé seo á dhéanamh go nádúrtha sa teaghlach.  Tá sé aitheanta ar fud an domhain gur í seo an príomhcheist gur gá dul i ngleic lei má tá teangacha neamhfhorleathana ar nós an Ghaeilge le tabhairt slán. Cé go dtugann tuismitheoirí faoi roghnú teanga dá bpáistí le deá thoil bíonn deacrachtaí nach beag le sárú acu má roghnaíonn said Gaeilge mar phríomh theanga teaghlaigh. Tá súil tríd na hidirghabhálacha a bheidh sa Straitéis go dtabhfaidh sé spreagadh agus tacaíocht do thuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge.  Cé gur sa Ghaeltacht is mó a bhí an rogha seo le déanamh go dtí seo táthar ag súil go mbeidh an cinneadh seo á dhéanamh níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht le cúnamh agus tacaíochtaí na Straitéise.

Go traidisiúnta bhí idirdhealú déanta idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht ó thaobh na teanga de ach anois tá sé níos soiléire nach mhairfidh an Ghaeilge má táthar ag brath ar an Ghaeltacht amháin le í a choinneáil beo. Chomh maith le sin ní leathnóidh úsáid na Gaeilge ar fud na tíre gan tacú na Gaeltachta.  Tóg mar shampla na Coláistí Gaeilge, ceann de na eiseamláir is fearr don tacaíocht dearfach atá idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht, ní féidir leis na Coláistí maireachtáil gan na daltaí a thagann chugtha ó cheantair éagsúla ar fud na tíre agus ní féidir an timpeallacht foghlama céanna a chruthú do na daltaí seo i n-aon áit eile seachas sa Ghaeltacht.

Tá an méid Gaeilge atá á labhairt taobh amuigh den Ghaeltacht ag méadú de shíor. Tá eolas again ar fad ar cheantair i gcathracha nó i gceantair uirbeacha eile a bhfuil Gaeilge láidir iontu, is minic go bhfásann na gréasáin seo i gceantair a bhfuil gaelscoileanna agus scoileanna lán-Ghaeilge bunaithe iontu le blianta agus go bhfuil an tionchar dearfach atá acu ar an bpobal trí chéile ó thaobh na teanga de. Ag ullmhú an Straitéis táthar tar éis aird speisialta a thabhairt ar na gréasáin seo. Beidh aitheantas á thabhairt do phobail uirbeacha a bhfuil bunstruchtúr láidir Gaeilge iontu, struchtúr ar nós oideachas, seirbhísí óige, agus seirbhísí pobal eile & rl.  Chomh maith le seirbhísí tacaíochta a bheith ar fáil do na ceantair a bhfuil dóthain mais chriticiúil iontu táthar chun forbairt a dhéanamh ar ionaid acmhainní a thabhfaidh deiseanna don phobal páirt a ghlacadh i gníomhaíochtaí a bheidh Gaeilge-lárnaithe agus a chuireadh le deiseanna sóisialta do dhaoine i ngach aois-ghrúpa lena gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh do chóras foirmiúil.

Mar is eol daoibh foilsíodh Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2007 agus tá sé i gceist go mbeidh moltaí maidir le neartú na Gaeltachta áirithe sa Straitéis. Bhí molta sa staidéar go mbeadh stádas na Gaeltachta bunaithe ar chritéar teanga agus chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail gur gá forbairt a dhéanamh ar chóras pleanála teanga ag leibhéal an phobail.

Tuigim gur athrú mór é seo ón sainmhíniú atá againn ar an Ghaeltacht faoi láthair atá bunaithe ar teorainn tíreolaíocht ach ní gá do dhaoine a bheith imníoch gur cailliúint stádas a bheidh i gceist do cheantracha áirithe má chuirtear i bhfeidhm é.  Tá mé cinnte go bhfuil sibh ar an eolas faoi an obair mhaith a bhí á dhéanamh sna pobail éagsúla tríd na scéimeanna pleanála teanga áitiúil le roinnt blianta anuas agus is féidir libh glacadh leis go ról lárnach ag gníomhaíochtaí den saghas seo i dtodhchaí na Gaeltachta

Ní amháin go mbeidh an Straitéis ag díriú orthu siúd atá ag úsáid na teanga ar bhonn rialta faoi láthair ach táthar ag súil go dtabhfaidh sé spreagadh dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge nó dóibh siúd atá ag iarradh a scileanna Gaeilge a fhorbairt agus ag iarradh páirt gníomhach a thógáil i saol sóisialta, eacnamaíochta agus oideachais trí Ghaeilge .

Tá sé  ráite agam cheanna gur é an sprioc atá leis an Straitéis ná go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil roimh a thiocfaidh deiridh le tréimhse na Straitéise.  De réir daonáirimh 2006 tá cumas áirithe Gaeilge ag 42% de dhaonra na hÉireann, is ionann é seo agus 1.6 milliún duine atá os cionn 3 bliana d’aois. Cé gur staitistic dearfach é seo, sa daonáirimh céanna tuigtear dúinn gur í an Ghaeilge an príomh theanga pobail a úsáideann 3% de dhaonra na tire sin thart ar 83,000 duine.  Is léir mar sin go bhfuil obair mhór romhainn má táthar chun an sprioc a bhaint amach.

Is plean Stát a bheidh anseo a bhfuil lán tacaíocht an Stát taobh thiar dó, beidh spriocanna ann a chuirfidh dúshlán faoin Rialtas agus faoin bpobal chun an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.  Mar a dúirt an Taoiseach Brian Cowen agus é ag oscailt an Ionad Tacaíocht Teaghlaigh in Indreabhán le déanaí, tá an Straitéis bunaithe ar spiorad na ndaoine agus an bród atá ag an bpobal ina dteanga agus le comhoibriú idir an Stát agus an pobal tá súil go mbeidh fás ag borradh leis an teanga nuair a thagann deiridh le tréimhse an Straitéis i gceann 20 bliain.

Íomhá le buíochas ó www.dublins98.ie

Íomhá le buíochas ó http://www.dublins98.ie

D’fhógair an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) moltaí i leith ciorruithe ina dtráchtaireacht geilleagrach ráithiúil, ina measc:

  • 20% a bhaint de shochar linbh
  • Ciorruithe a dhéanamh ar thuarastal oibrithe san earnáil poiblí
  • Gan ciorruithe a dhéanamh ar leasa shóisialta, mar atá molta ag an mBord Snip Nua.

Tháinig an ceardchumann SIPTU amach go láidir i gcoinne an ciorrú i sochar linbh atá molta ag an ESRI.

Mhol Jack O’Connor Uachtarán SIPTU  féin cáin a chur ar shochar linbh a théann go dtí lucht an rachmais.

Breis eolais ar fáil ó,

ESRI.ie

Examiner

Irish Times

childrensrightsalliance.ie

Chuir Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Forbartha Forbairt Naíonraí Teo.  fáilte roimh oscailt cúig naíonra nua i mbliana. Rinne Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Forbartha Forbairt Naíonraí Teo., comhghairdeas le stiúrthóirí agus coistí na gcúig naíonraí nua as an dul chun cinn atá déanta acu agus as an obair ullmhúcháin go léir a rinne siad chun cinntiú gur oscail siad i mbliana.

“Léiríonn oscailt na naíonraí nua seo go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar an éileamh ó thuismitheoirí ar an réamhscolaíocht lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán,” ar Ó hAdhmaill.

“Feictear dúinn go bhfuil tuismitheoirí anois ag aithint níos mó ná riamh buntáistí an luath-thumoideachais iomlán dá gcuid páistí.

“Táimid i lár cúlú eacnamaíochta mar nach bhfaca go leor do na tuismitheoirí nua seo riamh ina saol, agus is mian leo an bunús forbartha is fearr a thabhairt dá gcuid páistí. Ofrálann an córas luath-thumoideachais iomlán sna naíonraí gaelacha bunchloch an dátheangachais agus na buntáistí breise a thagann uaidh seo, ina measc, buntáistí acadúla, cognaíocha, féinmhuiníne, féiniúlachta agus cumarsáide.”

Chuir Ben Ó Floinn, Cathaoirleach Forbairt Naíonraí fáilte roimh oscailt na gcúig naíonra nua agus roimh an fhás leanúnach a tháinig ar na naíonraí gaelacha le 30 bliain anuas.

“Tá athraithe móra ag tarlú san earnáil réamhscolaíochta agus i sochaí na hÉireann,” ar sé.

“Beidh tionchar mór ag cinnidh an Rialtas ar thodhchaí na tíre agus thodhchaí an ghlúin óig. Má chomhlíonfar moltaí ciorruithe Thuairisc Mhic Cárthaigh, déanfar dochar do struchtúr tacaíochta forbartha an linbh in Éirinn i bhfoirm na seirbhísí cúraim leanaí ina measc siúd na naíonraí Gaelacha.”

Seo a leanas na Naíonraí nua a d’oscail i mbliana: Naíonra Lios na nÓg, Áth Luain, Co. na hIarmhí. Naíonra Montessori, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. Naíonra Grian na nÓg, Rath Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath. Naíonra na gCloch Liath, Co. Chill Mhantáin. Little Acorns, Gaillimh, Co. na Gaillimhe.

Tá 205 naíonra agus naíscoil ag feidhmiú sna 32 Chontae lasmuigh den Ghaeltacht agus iad ag cur na réamhscolaíocht lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair. Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta Teoranta, cuideachta a fheidhmíonn lasmuigh den Ghaeltacht agus a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliamháin ar aghaidh.

Breis eolais ar fáil ó eolas [@] naionrai.ie

Tuairisc_Cánachais

Tá an tuairisc ina iomlána ar fáil anseo

Tá príomhphointí an tuairisc mar a bhaineann siad leis na naíonraí gaelacha leagtha sa bhlag seo agus sa tuairisc ar leathanaigh: 23, 100, 231, 252, 253.

Moltaí

8.12 Ba chóir go gcuirfí deireadh leis na liúntais caipitíochta do áiseanna cúraim leanaí.

8.13 Ba chóir go gcuirfí deireadh leis an díolúine ó cháin do sholáthróirí seirbhísí cúraim leanaí.

8.14 Ba chóir go gcuirfí deireadh leis an díolúine a sholáthraíonn an  fhostóir ó shochar chomhchinéal (benefit-in-kind)

An fáth le haghaidh na ciorruithe seo dar leis an tuairisc ná,

“These recommendations are being made for equity and efficiency reasons.”
Conclúid

Míníonn an Tuairisc cé go n-aithníonn siad go bhfuil gá le gnímh polasaí i dtaca le cúraim leanaí,

“we consider that these accelerated capital allowances for the construction, conversion and refurbishment of childcare facilities, like the other tax expenditures for property, raise issues of effectiveness, deadweight and
adverse equity impact.”

Cad a cheapann stiúrthóirí naíonraí seo? Fág teachtaireacht.

Seo a leanas gearrthóga an Bord Snip Nua faighte le buíochas ón IPPA. Ba chóir go mbeadh leagan Gaeilge den tuairisc seo ar fáil daoibh ach níl. Gabh ár leithscéal mar sin as é seo a chur os bhur gcomhair i mBéarla. Níl sé d’acmhainn ag FNT an méid a leanas go léir a aistriú. Ó tharla go bhfuil gur eolas tábhachtach í, áfach agus mar eisceacht cuirim é os bhur gcomhair as Béarla. Mar eolas, beidh an eagraíocht ag cuir gearán isteach Oifig an Choimisinéara Teanga i dtaca easpa leagan Gaeilge na tuairisce seo.

“The Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure programmes – Volume 1

Page no. 17

2.7 Mechanisms for delivering services at local level

Volunteer Centres and 33 County Childcare Committees. Under these headings, funding is provided to 870 local organisations. Total Exchequer funding of the various organisations examined exceeds €350m each year.

The analysis gives rise to a range of concerns with regard to:

(i) the number of different types of local organisation supported;

(ii) the number of individual local organisations which continues to increase;

(iii) the efficiency of a structure which consists of a large number of very small organisations;

(iv) the fact that the various organisation groupings examined are funded and overseen by three Government Departments and four State agencies;

(v) the circumstances whereby the same local body may often get additional funding from different Government Departments or agencies;

(vi) the potential for overlap of functions between local bodies; and

(vii) the difficulties in measuring the contribution that these local organisations make to the objectives pursued.

Merge delivery organisations

The local appraisal step would allow organisations themselves to drive efficiencies through joint proposals. However, the Special Group specifically proposes that the number of organisation types and the number of individual bodies should initially be reduced by merging some functions into a single county/ local authority level organisation. At minimum, the functions of the Partnership/LEADER Companies, County Childcare Committees and Volunteer Centres could be merged and delivered by one organisation per local authority area.

Page 27

Department of Finance

30 Merge the Ombudsman for Children, Office of the Data Protection Commissioner with the Office of the Ombudsman

Page 37

The merger of Partnerships and Volunteer Centre structures with County Childcare Committees (funded by the Department of Health & Children)

Page 58

Programme E – National Childcare Investment Programme, youth affairs and other miscellaneous

E.1 Abolish the transitional provisions €2.0m

E.2 Alter the means test by eliminating Band C €5.0m

E.3 Rationalise the administrative structures €3.0m

Programme E savings €10.0m

Page 69

Further savings of €513m should be achieved by effecting a 20% reduction in the Child Benefit payments, for example by introducing a standard rate of €136 a month for all children. The Group notes that further options, including taxation or means-testing of Child Benefit, are being considered separately by the Government. The Group also recommends against reintroducing the December weekly bonus payment for 2010 and future years.

Care will need to be taken to avoid the inadvertent accumulation of measures in individual cases.

Page 70

Programme B – Children and families

B.1 Discontinuation of the Family Support Agency €30.0m

B.2 Change eligibility conditions for Family Income Supplement €20.0m

B.3 Reduce and standardise Child Benefit rate €513.0m

Extracts from Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure programmes – Volume II

Programme E – National Childcare Investment Programme

The objective of the National Childcare Investment Programme (NCIP) is to create a supply of affordable childcare through the provision of capital grants and also by subventing community notforprofit childcare services to enable them to provide care to disadvantaged families. The total gross allocation for the NCIP in 2009 is €137.6m. The total gross allocation outlined in Table 11.2

for Programme E of €220.4m includes a further €82.8m of expenditure by OMCYA on the Early

Intervention Programme for Children, the National Children’s Strategy and Youth Affairs.

Table 11.6 Health & Children – Measures identified for Programme E

Annual savings

E.1 Abolish the transitional provisions for the NCIP €2.0m

E.2 Alter the means test by eliminating Band C €5.0m

E.3 Rationalise the administrative structures €3.0m

Total Current Savings €10.0m

E.1 Abolish the transitional provisions for the National Childcare Investment Programme

When the original scheme was altered in 2007 it was decided to shift the focus of supports to children rather than crèches. Supports and transitional arrangements were put in place to ensure that existing participating crèches did not suffer a sudden loss of income. It is recommended that these transitional arrangements now be abolished yielding savings of €2m in a full year.

E.2 Alter the means test by eliminating Band C

Funding under the scheme is allocated across three bands depending on parents’ circumstances.

Bands A and B are for children whose parents are on social welfare or in receipt of Family Income Supplement or childcare supplements. Band C is for children whose parents are on low incomes but are not encompassed by Bands A and B. It is recommended that the third band, Band C, be eliminated as the first two are sufficient, yielding savings of €5m in a full year.

E.3 Rationalise the administrative structures

The 33 City and County Childcare Committees are the first point of contact for the public in applying for grant assistance under the NCIP and offer a wide variety of services locally, including advice on setting up a childcare business, training courses for those  considering a career in childcare and advice and support on applying for a grant under the NCIP. In Chapter 2, the Group outlined its view that the number of local organisation types and the number of individual bodies should initially be reduced by merging some functions into a single county/local authority level organisation to reduce the administration overheads associated with local delivery. In this context, it is recommended that the administrative structures for the NCIP, at a cost of €13.3m in 2008, be rationalised to yield savings of €3m in a full year.”


Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 6 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 6 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 6 years ago