Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Posts Tagged ‘cúrsaí

Aonach_Oibre_BF_2009

Daltaí Choláiste Feirste ag foghlaim faoi dheiseanna fostaíochta sna Naíonraí

Ghlac Forbairt Naíonraí Teoranta páirt in Aonach Oibre dírithe ar dhaltaí i scoileanna dara leibhéil (Gaeilge agus Béarla) i mBéal Feirste le déanaí.

Roinnt de na daltaí seo, ba léir go raibh iontas orthu faoi na deiseanna fostaíochta atá agus a bhéas ar fáil do ghaeil óga.

Chuir go leor spéis i gcoincheap an Naíonra (níor chuala roinnt dóibh an focal – nó fiú an focal Naíscoil roimhe sin!).

Má spreagann an aonach oibre leath-dhosaen do na daoine óga sin leanúint ar aghaidh agus a bpáistí féin a thógáil trí Ghaeilge sa todhchaí, b’fhiú é.

Cúrsaí

Dála an scéil tá muid i lár an dianchúrsa reatha thíos i gCorcaigh agus an Cúrsa Forbartha agus Bainistíochta i Marino, Baile Átha Cliath faoi láthair.

Bhí an-lá againn ag plé téamaí an luath-thumoideachais iomlán, sealbhú teanga do pháistí óga, an Scoilphobal, agus margaíocht don Naíonra agus cúpla focail faoin scéim nua saorbhliain réamhscolaíochta (ECCE) sna cúpla nóiméad breise!

Ádh mór, agus tá súil againn go mbeidh an ráth céanna ar an gcuid eile de na cúrsaí!


Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.