Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Posts Tagged ‘léamh

Seo a leanas roinnt físeáin eolais faoin gcóras gaelscolaíochta. Tá na físeáin seo dátheangach (go pointe) agus tá siad an-spéisiúil mar sin moltar go láidir iad a scaipeadh ar an méid is mó daoine agus ar thuismitheoirí ach go háirithe.
Cad is Gaelscolaíochta ann? / What is Irish/Gaelic-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=TWYqbttTIHA

Dearcaidh ó thuismitheoirí, daltaí agus iardhaltaí ar an ngaelscolaíocht / Parent, pupil and past pupil views of Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=9y_2gjrj-go

Buntáistí na Gaelscolaíochta Advantages of Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=Vrnhsg0ywB4

Ceisteanna Coitianta faoin nGaelscolaíocht / Frequently asked questions in relation to Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=0DceQzGTOIU

Cuireadh na físeáin seo le chéile ag Comhairle na Gaelscolaíochta, GAELSCOILEANNA TEO., agus Forbairt Naíonraí Teoranta. Maoiníodh an togra seo le tacaíocht ón Iontaobhas Ultach, Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus an Aontas Eorpach.

Ó Gaelport.com

D’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidin inniu. Tá an cáipéis ar fáil le híoslódáil anseo.
Moltar go ndéanfaí athstruchtúrú bunúsach ar ghníomhaireacht Ghaeilge atá ann cheana féin – Údarás na Gaeltachta go gníomhaireacht Ghaeilge nua “náisiúnta” – Údarás na Gaeilge.

Leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a fhreagrachtaí reachtúla “mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán. Anuas ar sin, in ainneoin na moltaí a rinneadh i dTuarascáil an Bhoird Snip Nua, beidh Aire Sinsearach agus Roinn Rialtais  ar a mbeidh lánfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann.

I dtaca leis na naíonraí de, bunaítear téacs an straitéis ar Ráiteas Físe an Rialtais i leith na Gaeilge, 2006 agus go príomhá:

“Cuspóir 7:

Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.”

Déantar tagairt don réamhscolaíocht (lán-Ghaeilge) sa Straitéis i lch 18.

“Cláir thacaíochta do thuismitheoirí agus don réamhscolaíocht
Is gnéithe tábhachtacha ó thaobh borradh a chur faoin nGaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna blianta luatha is éasca teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeadh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit.

Éascófar saoráidí cúraim leanaí agus réamhscoile le gné Ghaeilge a thairiscint agus le timpeallacht a bheidh fabhrach i leith na Gaeilge a chruthú do na leanaí óga, trí, mar shampla, tacaí a chur ar fáil mar DVDanna Gaeilge a bheidh dírithe ar leanaí óga agus rannta agus cluichí naíonán i nGaeilge. Is é an fócas a bheidh ann go sonrach ná a chinntiú go mbeidh soláthar déanta do naíonraí i ngach áit ina mbeidh bunscoil lánGhaeilge agus in áiteanna eile ina mbeidh éileamh.

Teastóidh athdhaingniú ar a gcuid litearthachta i nGaeilge ó thuismitheoirí le go mbeidh siad ábalta leanúint ag tacú le foghlaim na Gaeilge ó thaobh a gcuid leanaí le linn bhlianta na bunscoile. Tá tábhacht leis an oiliúint sin freisin ó thaobh daoine gairmiúla eile a bhíonn i mbun cúraim agus oideachais agus leathnófar í go hoibrithe cúraim lae, oibrithe i naíolanna agus daoine i gcumainn phobail, go háirithe in áiteanna ina bhfuil céatadán measartha den phobal ina gcainteoirí Gaeilge.”

 

Pléifidh baill an Oireachtais agus an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go luath í.

oinse_indo_
Beidh “Foinse” nua, atheagraithe mar fhorlíonadh ar fáil laistigh do chuile cheann de na 150,000+ cóip clóite don Irish Independent gach Dé Céadaoin ón seachtain seo ar aghaidh.

Emer Ní Chéidigh atá ceaptha mar eagarthóir nua ar an bhforlíonadh.

Buntáiste mór don fhorlíonadh ná go mbeidh deis acu lucht léitheoireachta náisiúnta ar scála i bhfad níos mó ná mar a bhí indéanta roimhe seo le tacaíocht dáileacháin agus eile an Irish Independent.

Tá cloiste ag baill foirne an eagraíocht seo ó dhaoine nach cainteoirí laethúla Gaeilge iad atá ag súil go mór le hiarracht a dhéanamh an fhorlíonadh a léamh.

Molann muid dóibh siúd, más tuismitheoirí naíonraí iad nó eile go bhfuil uirlisí tacaíochta Gaeilge ar fáil ar líne www.focal.ie nó ar do fhón póca www.getthefocal.com

Sa chéad eagráin beidh:
  • leideanna faisean ar fáil ó láithreoir Paisean Faisean, Bláthnaid Ní Dhonnchadha,
  • blag ón lúthchleasaí raoin agus faiche
  • léargas ar Thuras na Leoin (Lions Tour) ó Hector Ó hEochagáin.
Beidh ailt seachtainiúla ó leithéid Daithí Ó Sé (TG4),  M.P. Ó Conaola agus Gemma Ní Chionnaith (AnochtFM).
Beidh rannóg speisialta dírithe orthu siúd le fíorbheagán Gaeilge, “Cúpla Focal”.

Beidh Foinse sa Rang ar ais arís le 7 leathanaigh dírithe orthu siúd sa chóras oideachais sa bhun agus san iarbhunleibhéal.

Breis eolais:

Alt san Independent inniu faoin fhorlíonadh nua lán-Ghaeilge, Foinse.

Chomh maith, tá an scéal clúdaithe ag Concubhar Ó Liatháin (iareagarthóir Lá Nua) ina mblag inniu.

Na Meáin

TG4 www.tg4.tv (cláracha as Gaeilge ar fáil ar líne agus DVDnna le ceannach chomh maith)

Raidió na Gaeltachta www.rte.ie/rnag

Raidió RíRá www.rrr.ie

Raidió Fáilte www.raidiofailte.com

Raidió na Life www.raidionalife.ie

Blag Nuachta laethúil as Gaeilge www.andrumamornuacht.blogspot.com

Nuacht24 Nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar líne (ar fáil go seachtainiúil ó shuíomh an druma mór)

Nós* Iris Gaeilge míosúil www.nosmag.com (duais buaite don suíomh ghréasáin Gaeilge is fearr)

CAINT www.caintcampaign.com (suíomh ghréasáin nua don Ghaeilge, m.sh. ranganna Gaeilge ar fáil ar Twitter)

Ranganna / Cúrsaí

Conradh na Gaeilge www.cnag.ie (is féidir ballraíocht a ghlacadh le Conradh na Gaeilge chomh maith agus leis sin gheobhaidh tú nuachtlitir míosúil ina gcuirtear ar an eolas thú faoi feachtais, seirbhísí agus imeachtaí Gaeilge).

Gaelchultúr www.ranganna.com

Gael-Linn www.gael-linn.ie

Oideas Gael www.oideasgael.ie

Eagraítear ranganna Gaeilge agus ciorcail comhrá go háitiúil ag craobhacha de Chonradh na Gaeilge, coistí Ghlór na nGael agus gaelscoileanna áitiúla.

Eagraíonn Comhluadar imeachtaí do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, bíonn siad seo fógraithe i nuachtlitir ar líne/r-phost seachtainiúil agus tá fóram acu do thuismitheoirí le Gaeilge. www.comhluadar.ie

Breis acmhainní luaite cheana  ar ár mblag anseo.

D’fhreastal Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Fhorbartha Forbairt Naíonraí Teoranta ar Chomhdháil eagraithe ag POBAL dírithe ar gheallsealbhóirí agus cleachtóirí.

Téama na Comhdhála ná Cúram Luathóige, Oideachas agus Foghlaim Teaghlaigh.

Labhair Maresa Duignan, saineolaí polasaí luathoideachais leis an Aonad Polasaí de chuid an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Oifig an Aire Leanaí agus Óige.

Luaigh sí an tábhacht le nach bhfeictear ar an bhfoghlaim mar oideachas foirmeálta amháin ó tharla go dtarlaíonn an foghlaim is tábhachtaí sna luathbhlianta idir 0-6 bliana d’aois.

Thaispeán sí an fís seo de Ezra, buachaill óg lán le fuinneamh, féin-mhuinín agus dian-seasmhacht. In ainneoin na dúshláin breise atá aige, le tacaíocht a dtuismitheoirí (agus an tacaíocht a fuair siadsan ó speisialtóirí ar an tslí is fearr chun tacú lena mac) éiríonn leis siúil!

Dar le Duignan an rud is tábhachtaí d’fhorbairt cumas iomlán an pháiste ná duine éigean (níos sine) bheith aige/aici atá “irrationally attached to the child” chun iad a spreagadh, agus a mholadh go leanúnach.

An dúshlán atá romhainn mar chleachtóirí ná cinntiú go dtacaítear leis an foghlaim teaghlaigh agus go mbíonn atmaisféar dearfach foghlamtha inár naíonraí bunaithe ar an mhodh shúgartha.

Dar le Duignan, “It is the human condition to want to learn.” ach is fórsaí seachtracha diúltacha a bhaineann an tréith nadúrtha seo ón bpáiste agus uainn mar dhaoine fásta. Cé mhéad ar smaoinigh muid ó ní fhéadfainn sin a dhéanamh nó níl mé maith ag x?

Dar léi, gur chóir go mbeadh muid oscailte don bhfoghlaim fadsaol, go spreagfaimis na páistí agus na tuismitheoirí i dtaobh na foghlamtha ar leas a chéile.

Dar leis an taighde (tagairt ar fáil ó chur i láthair Hayes a bhéas ar fáil anseo nuair uaslódálann POBAL í ar a shuíomh ghréasáin), tá níos mó tábhacht, 8 n-uaire níos mó ag baint le páirteachas an pháiste ná aon fachtóir eile i dtaobh forbairt an pháiste!!!

Tar éis am lóin briseadh na toscairí suas i gceardlanna éagsúla. D’fhreastal Seán Ó hAdhmaill ar an gceardlann “Preparing for Life” a dhírigh ar thogra tacaíochta tuismitheoirí i nDarndál, ceantar mhí-bhuntáiste i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath leis an ainm céanna.

Sa cheardlann céanna labhair beirt coordaitheoirí SÍOLTA faoin scéim píolótach atá ar siúl i mBaile Munna chun SÍOLTA a leathnú amach. Glacadh le moladh Uí Adhmaill gur ghá a chinntiú go mbeadh Gaeilge ag na coordaitheoirí sin a bhéas ag feidhmiú leis na naíonraí gaelacha (agus na ranganna naíonáin sna gaelscoileanna) agus beidh an moladh luaite laistigh de thuairisc atá á chur le chéile ón gComhdháil.

Le linn an cheardlann luadh togra atá ar siúl i nGlaschú chun cabhrú le daoine deileáil le strus www.glasgowsteps.com

Luadh chomh maith cúrsa príobháideach ullmhaithe Astráileach ach ar fáil anois in Éirinn darbh ainm TripleP, clár tuismitheoireachta dearfach atá ar fáil anois in Éirinn.

Luadh chomh maith go bhfuil an-chuid den obair céanna ar siúl ag an scéim Lifestart atá ar fáil thart timpeall an iar-thuaisceart (ach atá súil ag an eagraíocht go leathnófar amach í má fhaigheann siad bunmhaoiniú tar éis taighde a dhéanamh ar éifeacht an scéim) agus tá leagan Gaeilge de Lifestart ar fáil!

B’fhiú go mór dúinn a leithead de chlár tacaíocht tuismitheora a chur ar fáil go forleathan ar thuismitheoirí le Gaeilge (agus ba chóir go mbeadh a leithead ar fáil dóibh siúd gan Gaeilge chomh maith).

Fágfaidh mé sibh leis an tagairt seo ón tOllamh Nóirín Hayes, ITBÁC in óráid deiridh na Comhdhála.

Ag caint ar fhorbairt cumais an pháiste dúirt sí,

“What parents do with their children is more important than who their parents are.”

Mar sin a thuismitheoirí leanaigí oraibh ag labhairt agus ag éisteacht le bhur bpáistí ag súgradh leo (thíos ar an urlár leo), ag insint scéil leo/ag léamh leo agus ag múineadh rannta agus amhráin simplí leo (cuideoidh seo leo frásaí a fhorbairt a rá agus a fhorbairt).

Má tá aon mholtaí eile nó tuairimí ag daoine is féidir libh teachtaireacht a fhágáil anseo.

Íomhá faighte ó www.parentsprecinct.com/reading (Meán Fómhair 2008)

Íomhá faighte ó http://www.parentsprecinct.com/reading (Meán Fómhair 2008)

10 nod ar conas cabhrú le forbairt scileanna léitheoireachta do pháiste:

(Faighte ó Examiner.com agus aistrithe ó alt Lori Calabrese)

1. Bíodh spraoi agaibh ag léamh. Léigh le do pháiste i suíomh compordach. Lig di suí ar do ghlúin nó taobh leat chun gur féidir léi féachaint agus na pictiúir agus an téacs a aithint tríd a méar a shíneadh amach.

2. Bí spreagtha agus tú ag léamh le do pháiste. Léigh an scéal le mothúcháin, cosúil gur go bhfuil tú i ndráma ar stáitse Amharclann na Mainistreach. Is féidir leat cur le spéis an scéal trí ghuthú a dhéanamh ar na carachtair, ag déanamh maisíochtaí fuaime (sound effects), agus léirithe le d’aghaidh agus do láimhe.

3. Léigh le do pháiste go minic. Fág am faoi leith don léamh gach lá, b’fhéidir tar éis lóin nó ag am codlata. Is minice is fearr maidir leis an léitheoireacht de – a fhad agus atá sé/sí toilteanach éisteacht. Is féidir le tréimhsí léitheoireachta bheith gairid, timpeall 5 go 10 nóiméad.

4. Féach ar an gclúdach le chéile agus cuir ceist ar do pháiste cad a cheapann siad go dtitfidh amach sa scéal.

5. Spreag do pháiste le focail nó frásaí aitheanta a rá leat agus tú ag léamh.

6. Léigh le macalla (echo read) le do pháiste ag athrá línte an scéal tar éis duit féin iad a rá.

7. Spreag do pháiste le scileanna foghracha (fónaic) an pháiste a fhorbairt trí fhocail nua a fhoghrú.

8. Tabhair an focal do do pháiste nuair atá breis cabhair ag teastáil chun nach mbeidh sé/sí ag streachailt agus chun cinntiú gur taithí dhearfach í an léamh.

9. Spreag do pháiste le leabhair a athléamh arís agus arís eile. Bíodh do pháiste ag léamh do dheartháireacha, deirfiúracha, seantuismitheoirí, agus fiú teidí nó bábóg an pháiste! Cabhraíonn an t-athléamh le muinín a fhorbairt i bpáistí.

10. Labhair faoi na scéalta le linn an léimh agus tar éis. Cuir agus freagair ceisteanna. Roinn smaointe faoi na carachtair is greannmhara agus is suimiúla agus faoi théamaí agus eachtraí an scéil.

Nod Bónais:
Úsáid na dlúthdhioscaí ar fáil go dtí saor in aisce mura bhfuil muinín agat i gcumas do chuid Gaeilge go fóillín. Chomh maith, tá réimse leathan de leabhair ar fáil óna soláthraithe éagsúla, féach anseo.


Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

Earráid: níor fhreagair Twitter muid. Foighid ort nóiméad go n-athlódála tú an leathanach.