Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

Posts Tagged ‘páistí

Dianchúrsa Breise Eagraithe le hÉileamh a Shásamh

Anita Nic Amhlaoibh ag caint ar fhorbairt an pháiste ag Dianchúrsa FNT: Aib. 2010

Beidh Forbairt Naíonraí Teoranta ag cur Dianchúrsa d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí ar fáil ag deireadh mhí Bealtaine i mBaile Átha Cliath.

Ó tharla an oiread sin éileamh ar an Dianchúrsa d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí i mbliana, beidh Forbairt Naíonraí Teo. ag cur Dianchúrsa eile ar fáil ar an 24-28 Bealtaine, Luan go Aoine idir 9.00-5.00i.n.. Beidh an dianchúrsa ar siúl i lár na Cathrach i mBaile Átha Cliath. Is é seo an buncháilíocht atá ag teastáil ó FNT le feidhmiú mar Stiúrthóir Naíonra.

Beidh agallamh Gaeilge le déanamh acu siúd gur mhian leo freastal ar an Dianchúrsa seo chun caighdeán Gaeilge na hiarrthóirí a áireamh. Beidh na hagallaimh Gaeilge ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 11 agus 12 Bealtaine in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

Is bunchúrsa é seo, trí mheán na Gaeilge, i mbainistíocht agus reáchtáil Naíonraí d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí nó d’éinne le Gaeilge líofa a bhfuil spéis acu Gaeilge a úsáid le páistí óga. Is cúrsa éigeantach é d’éinne atá ag iarraidh naíonra a bhunú faoi Forbairt Naíonraí Teo. Faoi láthair tá 156 naíonraí cláraithe le Forbairt Naíonraí Teo agus tá os cionn 3,500 leanaí ag freastal ar sheirbhísí chúram leanaí trí Ghaeilge.

Dúirt Clíona Frost, Ard-Fheidhmeannach FNT,

“Tá an-áthas orm go bhfuil an borradh seo le feiceáil sna naíonraí Gaelacha. Léiríonn an tionchar atá ár naíonraí Gaelacha buanaithe á imirt sa phobal agus an nasc atá á chothú acu leis na gaelscoileanna fud fad na tíre, go bhfuil branda an Naíonra ag treisiú.”

Lean Frost,

“Is léir go bhfuil tuismitheoirí anois ag aithint buntáistí an Luath-Thumoideachais Iomlán agus iad ag roghnú réamhscolaíocht lán-Ghaeilge dá bpáistí.”

Forbairt Naíonraí Teoranta ag obair go leanúnach leis na príomheagraíochtaí deonacha Gaeilge eile ar chur chun cinn na teanga agus ar chúram agus oideachas leanaí trí mheán na Gaeilge, ach go háirithe sa suíomh luath-thumoideachais.

Advertisements

A chairde,

Seo an chéad chaibidil i sraith blaga faoi conas naíonra a bhunú i do cheantar.

Tá liosta de chritéir gur gá a chomhlíonadh de réir an dlí ar fáil sna Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006:

Leagan Gaeilge

Leagan Béarla

Tar éis léamh trí na rialacháin úd, ba chóir teagmháil a dhéanamh hoifig áitiúil réamhscolaíocht an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá sonraí teagmhála na hoifigí seo ar fáil anseo.

Ba chóir go ndeileálfá leo ar son an Naíonra trí Ghaeilge.

Má tá tú mí-chinnte faoi do cheart teanga nó má sháraítear iad agus tú ag pléigh comhlacht poiblí ar bith, an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh is féidir breis eolais agus/nó sonraí teagmhála Oifig an Choimisinéara Teanga a fháil anseo.

__________________

I gCaibidil 2 déanfar plé ar na cáilíochtaí atá ag teastáil le feidhmiú i Naíonra: Cáilíocht CDBÓ / FETAC.

Ár mbuíochas le Kirsten Luce & an New York Times don íomha.

I mbunscoil sna Stáit Aontaithe Meiriceá tá siad ag cuir na páistí amach ag spraoi sa chlos sula gcuirtear lón ar fáil.

Tá torthaí dearfacha feicthe ag Janet Sinkewicz, príomhoide Bunscoil Sharon in iompar na bpáistí le cur i bhfeidhm an pholasaí nua.

Luann sí,

“…bíonn na páistí níos suaimhnigh agus iad ag ithe lóin, go mbíonn níos lú bia curtha amú agus go bhfuil na páistí ag ól níos mó bainne, agus ag ithe níos mó torthaí agus glasraí dá bharr.

Leanann sí,

“…agus tá roinnt de na múinteoirí ag maíomh go mbíonn níos lú fadhbanna iompair le feiceáil sa rang.

Tá an t-alt ina iomlána le léamh sa New York Times ag an nasc seo.

Gabhann muid buíochas as Dee Nic Gabhann as an alt seo a chur a chur faoinár mbráid.

Síneadh ama tugtha ag an Aire don Saorbhliain Réamhscolaíochta

Preaseisiúint an Aire, 10 Eanáir 2010 ar fáil anseo.

Easpa Tuismitheoirí tar éis cur isteach ar an Scéim Saorbhliain Réamhscolaíochta

Alt ón Irish Examiner (luaite i nuachtlitir Education Matters) ar fáil anseo.

Soiléiriú Teidlíocht Páistí:

  • Páistí a rugadh idir 2 Feabhra 2005 agus 30 Meitheamh 2006 tá siad i dteideal bliain réamhscolaíochta saor in aisce ó mhí Eanáir 2010 ar aghaidh.
  • Páistí a rugadh idir 2 Feabhra 2006 agus 30 Meitheamh 2007 beidh siad i dteideal bliain réamhscolaíochta saor in aisce ó mhí Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh.


Ráiteas an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta: ar fáil anseo

FNT: Ní a fhios againn go fóill cén tionchar a bhéas ar na ciorruithe seo ar bhunmhaoiniú FNT ó POBAL. Tá a fhios againn go n-ísleofar ár mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge 10% go dtí mí Márta 2010 tar éis sin…

Ráiteas an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Barry Andrews: ar fáil anseo (as béarla amháin)

Leas Sóisialach: Leanaí

Laghdófar rátaí Sochair Linbh de €16 sa mhí ó Eanáir 2010, mar sin is €150 sa mhí a bheidh san ísealráta, agus €187 sa mhí san ardráta.

Le héifeacht ó 1 Eanáir 2010 ardófar de €3.80 in aghaidh na seachtaine an ráta maidir le Leanbh Cáilithe.

Ardófar tairseacha Forlíontacha ar Ioncam Teaghlaigh (FIS) de €6 in aghaidh na seachtaine i ndáil le gach leanbh. +14

Sláinte & Leanaí

An Roinn Sláinte agus Leanaí
Tá laghduithe á ndéanamh ag an Roinn ar chaiteachas neamhphá agus ar chaiteachas a gcuid gníomhaireachtaí a mhaoinítear go díreach.

FNT: Níl soiléir dúinn go fóill cén tionchar a bhéas aige seo do na coistí contaetha cúraim leanaí nó d’Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

An Clár Infheistíochta Náisiúnta um Chúram Leanaí (NCIP)
Beidh coigiltis ar chaiteachas ar an Scéim Fhóirdheontais Phobail um Chúram Leanaí (CCSS) de bharr athruithe ar an Scéim sin le héifeacht ó Mheán Fómhair 2010.

FNT: Beidh tionchar tromchúiseach aige seo ar na naíonraí atá ag baint leas as an fhóirdheontas seo i gcomhthéacs srianta an tsaorbhliain réamhscolaíochta ar ardú tháillí do na páistí sin.

Achoimre iomlán ar Bhearta Buiséid 2010: Athrú Beartais

Leagan Gaeilge

Leagan Béarla

Seo a leanas roinnt físeáin eolais faoin gcóras gaelscolaíochta. Tá na físeáin seo dátheangach (go pointe) agus tá siad an-spéisiúil mar sin moltar go láidir iad a scaipeadh ar an méid is mó daoine agus ar thuismitheoirí ach go háirithe.
Cad is Gaelscolaíochta ann? / What is Irish/Gaelic-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=TWYqbttTIHA

Dearcaidh ó thuismitheoirí, daltaí agus iardhaltaí ar an ngaelscolaíocht / Parent, pupil and past pupil views of Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=9y_2gjrj-go

Buntáistí na Gaelscolaíochta Advantages of Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=Vrnhsg0ywB4

Ceisteanna Coitianta faoin nGaelscolaíocht / Frequently asked questions in relation to Irish-medium Education
http://www.youtube.com/watch?v=0DceQzGTOIU

Cuireadh na físeáin seo le chéile ag Comhairle na Gaelscolaíochta, GAELSCOILEANNA TEO., agus Forbairt Naíonraí Teoranta. Maoiníodh an togra seo le tacaíocht ón Iontaobhas Ultach, Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus an Aontas Eorpach.

Ó Gaelport.com

D’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidin inniu. Tá an cáipéis ar fáil le híoslódáil anseo.
Moltar go ndéanfaí athstruchtúrú bunúsach ar ghníomhaireacht Ghaeilge atá ann cheana féin – Údarás na Gaeltachta go gníomhaireacht Ghaeilge nua “náisiúnta” – Údarás na Gaeilge.

Leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a fhreagrachtaí reachtúla “mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán. Anuas ar sin, in ainneoin na moltaí a rinneadh i dTuarascáil an Bhoird Snip Nua, beidh Aire Sinsearach agus Roinn Rialtais  ar a mbeidh lánfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann.

I dtaca leis na naíonraí de, bunaítear téacs an straitéis ar Ráiteas Físe an Rialtais i leith na Gaeilge, 2006 agus go príomhá:

“Cuspóir 7:

Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.”

Déantar tagairt don réamhscolaíocht (lán-Ghaeilge) sa Straitéis i lch 18.

“Cláir thacaíochta do thuismitheoirí agus don réamhscolaíocht
Is gnéithe tábhachtacha ó thaobh borradh a chur faoin nGaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna blianta luatha is éasca teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeadh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit.

Éascófar saoráidí cúraim leanaí agus réamhscoile le gné Ghaeilge a thairiscint agus le timpeallacht a bheidh fabhrach i leith na Gaeilge a chruthú do na leanaí óga, trí, mar shampla, tacaí a chur ar fáil mar DVDanna Gaeilge a bheidh dírithe ar leanaí óga agus rannta agus cluichí naíonán i nGaeilge. Is é an fócas a bheidh ann go sonrach ná a chinntiú go mbeidh soláthar déanta do naíonraí i ngach áit ina mbeidh bunscoil lánGhaeilge agus in áiteanna eile ina mbeidh éileamh.

Teastóidh athdhaingniú ar a gcuid litearthachta i nGaeilge ó thuismitheoirí le go mbeidh siad ábalta leanúint ag tacú le foghlaim na Gaeilge ó thaobh a gcuid leanaí le linn bhlianta na bunscoile. Tá tábhacht leis an oiliúint sin freisin ó thaobh daoine gairmiúla eile a bhíonn i mbun cúraim agus oideachais agus leathnófar í go hoibrithe cúraim lae, oibrithe i naíolanna agus daoine i gcumainn phobail, go háirithe in áiteanna ina bhfuil céatadán measartha den phobal ina gcainteoirí Gaeilge.”

 

Pléifidh baill an Oireachtais agus an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go luath í.


Is blag í seo atá dírithe ar an scoilphobal gaelach.
Go príomha orthu seo siúd a bhíonn ag obair i naíonraí/naíscoileanna nó mar thuismitheoirí do ghaeil óga a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí lán-Ghaeilge.

É sin ráite, is deis é lucht na naíonraí a chur i measc pobal na Gaeilge agus an Gaeltachta i gcoitinne agus beidh neart eolas dóibh siúd atá Gaeilge acu (nó atá a fhoghlaim).

Is é an luath-thumoideachais iomlán bunchloch sealbhú teanga sna naíonraí/naíscoileanna agus mar sin féin, is iad na naíonraí agus na naíscoileanna bunchloch an chórais luath-thumoideachais iomlán in Éirinn!

Scéalta Twitter

  • Níl ach cuntas Twitter oifigiúil amháin againn, cé go bhfuil cuntais phearsanta ag roinnt d'ár mbaill foirne. #NPTalkIE 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Bhfuil Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Cúnta Naíonraí múinteoirí g/scoile|G/choláiste, ábhar oidí scoileanna lán-Ghaeilge ar Twitt… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Luathlascaine mhóra ar fáil ar chúrsaí Gaeilge @Naionrai dírithe ar Stiúrthóirí Naíonraí ach ábhartha do mhúinteoirí. http:… 5 years ago
  • RT @GCanPhiarsaigh: Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3/02/14. h… 5 years ago
  • RT @Feirsteach: Deis iPad a bhuachaint & tacú leis na Naíonraí (& go hindíreach na gaelscoileanna) trí chlárú le dealeffect.ie/FNT #1… 5 years ago
Advertisements