- In: Uncategorized
- Freagra
An Ghaeilge sa spás!
Tharla imeacht thar a bheith stairiúil an mhí seo ar an 11 Bealtaine, nuair a d’éirigh le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste na chéad fhocail scríofa Gaeilge a sheoladh in éadan na himtharraingthe chun an spáis.
Ceanglaíodh cóip de bhróisiúr ealaíon na Cultúrlainne le balún héiliam a thaisteal 40km go himeall an spáis agus a tháinig ar ais ar pharaisiút – turas a mhair cúig huaire an chloig ina iomláine ó lainseáladh an balún go dtí gur landáil sé athuair i gCalifornia.
Rinneadh an turas iomlán a thaifead ar cheamaraí ar bord ar éirigh leo íomhánna iontacha den bhróisiúr amhail an íomhá seo.
Bhí Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Imeachtaí na Cultúrlainne ag iarraidh tógáil ar an éacht a rinneadh i mí Feabhra nuair a rinneadh na chéad fhocail Ghaeilge a tvuíteáil ón Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis.
“Shocraigh muid go raibh sé in am dúinn a thuilleadh Gaeilge a sheoladh suas, rud éigin a raibh baint níos mó aige leis an teanga agus leis an chultúr ar léi.”
Tuilleadh eolais ar an scéal iontach seo ag : http://culturlann.ie/news.php?a=83&lang=ga.
Freagra